Sár-cheol ag Oíche Bhríde

Sár-cheol ag Oíche Bhríde

An tseachtain seo caite bhí oíche ollmhór cheoil sa Bhosca Dubh ar Shráid Hill i gcuimhne ar Bhríd Maloney.

As Contae Lú ó thuas do Bhríd agus bhí sí ag obair sna meáin chumarsáide i mBéal Feirste mar léiritheoir le cúpla bliain anuas. Sna cláir ina raibh lámh aici bhí nasc an-láidir leis an cheol traidisiúnta, paisean a bhí aici ina saol féin.

D’fheictí i measc na gceoltóirí í go minic ag seisiúin cheoil i mbun amhránaíochta chomh maith le bheith ag seinm na féadóige móire.

Sár-cheol ag Oíche Bhríde / Eoghan Ó Loideáin

Nuair a bhásaigh Bríd go tobann timpeall is bliain ó shin shocraigh roinnt cairde léi oíche cheoil a chur le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar a saol.

Tháinig léar mór ceoltóirí a bhí an-chairdiúil le Bríd go Béal Feiriste chun ceiliúradh a dhéanamh uirthi Déardaoin seo caite agus ní raibh suíochán sa bhreis ar bith ar fáil le gach ticéad díolta roimh an cheolchoirm sa Bhosca Dubh.

Beidh an t-airgead a bailíodh ar an oíche, beagnach £5,000, roinnte idir an Ospís agus ranganna ceoil traidisiúnta do dhaoine fásta in onóir Bhríd.

Close
Close