Seoladh: 'Rita agus an Chailleach'

Tá ceithre leabhar seolta ag An tSnáithaid Mhór sa tsraith Rita agus níl am ar bith níos fearr ná anois leis an eisiúint is déanaí, 'Rita agus an Chailleach', a sheoladh.

Is cailín beag í Rita a bhfuil smaointe móra aici. Samhlaíonn sí cailleach a bheith aici agus go mbeidh spraoi agus diabhlaíocht ar bun acu atá fiáin-gan-srian agus dorcha draíochtach.

Ach cad a dhéanfaidh Rita má chuireann an chailleach ruaig ar a cairde? Nó má thugann sí bia lofa le hithe di?

Chomh maith leis an seoladh leabhair sa Chultúrlann, bhí geamaireacht ann le scéalta, milseáin agus cailleach dhána.

Bhí an áit plódaithe le páistí i mbréagéadach scanrúil agus thaispeáin Andrew Whitson an dóigh a ndéanann sé an líníocht iontach do na leabhair.  

Chuaigh Meon Eile le páirt a ghlacadh sa cheiliúradh agus labhair muid leis an údar Máire Zepf agus le Caitríona Nic Sheáin ó An tSnáithaid Mhór.

Tá an leabhar ar fáil ón Cheathrú Póilí ar £7.

https://www.anceathrupoili.com/en/shop/rita-agus-an-chailleach/

Close
Close