Réaltán Ní Leannáin ceaptha ina Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge in DCU

Ceapadh Réaltán Ní Leannáin ina Scríbhneoir Cónaithe Gaeilge ar champas Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mbliana.

Rugadh Réaltán Ní Leannáin i mBéal Feirste agus tá BA sa Léann Éireannach agus sa Spáinnis ó Ollscoil Uladh aici.

Tá tréimhsí caite aici ag teagasc ag an dara leibhéal agus ag léachtóireacht i gColáiste na Tríonóide, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Foilsíodh cnuasach filíochta léi, ‘Turas Ailse’, in 2011 a bunaíodh ar dhialann a scríobh sí tar éis di a fháil amach go raibh ailse uirthi.

Thosaigh sí blag, http://turasailse.blogspot.ie/, chomh maith, a bhain gradam agus atá beo go fóill.

Foilsíodh cnuasach gearrscéalta léi, ‘Dílis’, sa bhliain 2015 agus drama raidió, ‘Is Iomaí Cor’, in 2019.

Ba í an chéad scríbhneoir a chuaigh thar lear ar sparántacht Focail Eile sa bhliain 2016.

Tá cuntas aici faoin chónaitheacht sin ag http://www.focaileile.ie/gae/blog/ag_deanamh_reidh agus tá saothar dá cuid don tionscnamh sin ar fáil i gcúig theanga an tionscadail ag http://otherwordsliterature.eu/.

Close
Close