Ré nua i ndán do Chultúrlann Uí Chanáin

Tá Cultúlann Uí Chanáin ar an fhód le breis agus 10 mbliana anois agus tá fás nach beag tagtha ar an ionad ó shin.

Is é Gearóid Ó hEára a bhí taobh thiar den eagraíocht ón tús ach tá sé imithe ar scór anois agus is é Pádraig Mac Congáil atá ceaptha ina áit mar phríomhfheidhmeannach na Cultúrlainne. Bhí Pádraig ag obair mar bhainisteoir ar feadh bliana roimhe seo agus tá pleananna móra aige do thódhchaí an ionaid agus na cathrach.

Tá tús á chur inniu leis an fhéile IMBOLC, féile cheoil agus chultúrtha Chultúrlann Uí Chanáin a mbíonn freastal mór uirthi gach bliain. Is ar líne a bheas féile na bliana seo agus d'inis Cillian Mac Cába, atá ina Riarthóir Ealáine, dúinn faoi chlár na féile agus na rudaí iontacha a bheas ag tarlú.

Taifeadadh i gCultúrlann Uí Chanáin roimh an phaindéim agus roimh na srianta scartha shóisialta.

Close
Close