'Our Tangled Speech' le hAodán Mac Póilin


Seoladh an leabhar 'Our Tangled Speech' le hAodán Mac Póilin ar na mallaibh. Bailiúchán d'aistí a foilsíodh leis le himeacht na mblianta atá ann, curtha in eagar ag a chomhghleacaí agus cara Róise Ní Bhaoill.

D’imigh Aodán Mac Póilin ar shlí na fírinne go gairid i ndiaidh na Nollag 2016. Bhí an chuid is mó den obair ar an leabhar déanta ag Aodán sula bhfuair sé bás.

Thug Aodán tréimhse fhada dá shaol ag feidhmiú go héifeachtach mar Stiúrthóir ar Iontaobhas ULTACH, an eagraíocht trasphobail Gaeilge, ó 1990 go dtí gur baineadh maoiniú ón eagraíocht agus gurbh éigean daofa na doirse a dhruidim sa bhliain 2014. 

Bhí Aodán ar an Chathaoirleach ar an chéad Bhunscoil lán-Ghaeilge ariamh ó thuaidh agus throid sé go dúthrachtach le haitheantas oifigiúil a chinntiú don scoil, agus d’éirigh leis. Shuigh Aodán ar an iliomad bord, ina measc Comhairle na Gaelscolaíochta, An Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana, Comhairle Thuaisceart Éireann de chuid an BBC, Foras na Gaeilge, Comhairle na Gaelscolaíochta, an Chomhairle Chaidreamh Pobail, an Chomhairle Ealaíon agus tuilleadh nach iad. 

D’imir Aodán tionchar an-mhór ar chúrsaí craoltóireachta ó thuaidh agus ina ról in Iontaobhas ULTACH rinne sé stocaireacht le cinntiú go mbeadh forálacha ar an chraolachán Gaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta.

Reachtáil sé an chéad chúrsa oiliúna do léiritheoirí Gaeilge ó thuaidh le cruthú go mbeadh an earnáil inmharthana agus is ó na síolta sin a cuireadh tús leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge.

Bunaithe ar a thaithí agus a shaineolas ar an iliomad ábhar atá an cnuasach aistí 'Our Tangled Speech'.

Bhailigh na sluaite i stiúideo an BBC i mBéal Feirste le déanaí chun ceiliúradh a dhéanamh ar shaol agus ar shaothar Aodáin agus chun an leabhar a sheoladh.

Close
Close