Nua-Nós: Sizzle n Stomp

Cassie Leen

Trí bliana ó shin bhunaigh Cassie Leen, agus í 22 bliain d’aois ag an am, scoil damhsa hip hop darb ainm ‘Sizzle n Stomp’ i dTrá Lí i gcontae Chiarraí.

Tá an scoil damhsa anois ar an cheann is mó sa taobh sin tíre le breis is céad damhsóir idir dhá bhliain agus 24 bliain d’aois cláraithe le ‘Sizzle n Stomp’.

Tá ag éirí go maith leis an scoil i gcomórtais náisiúnta agus thug siad leo lear corn ag na craobhacha náisiúnta damhsa le linn an gheimhridh.

Thug Meon Eile cuairt ar an scoil leis an damhsa a fheiceáil agus labhair muid le rannpháirtithe na scoile faoi rathúlacht hip hop sa cheantar.

Close
Close