'Na Béil Bhinne': Cór Gaelach gach oíche Déardaoin

Gach oíche Déardaoin ag 19:00 in Áras Mhic Reachtain, tagann 'Na Béil Bhinne' le chéile, cór Gaelach a dhíríonn ar an chomhcheol go háirithe. Tá ceithre pháirt sa chór ar an iomlán; soprán, alt, teanór agus dord, agus scríobhtar píosaí ceoil don cheithre ghuth sin i gcónaí.

Bheartaigh léiritheoir Na Béil Bhinne, Máire Andrews, an cór a bhunú thart ar mhí Aibreáin anuraidh de bharr nach raibh cór Gaelach ann i mBéal Feirste le tamall anuas. Tá taithí nach beag ag Máire leis an cheol agus í ag obair mar Stiúrthóir Ealaíne ag an chompántas amharclannaíochta do pháistí, 'Ababú'. 

Bhí an deis againn labhairt le Niall Ó Flaithearta, stiúrthóir an chóir. Is ról é a mbaineann sé sult gan deireadh as. Is múinteoir ceoil é Niall atá i gcór eile chomh maith leis Na Béil Bhinne, mar sin de ní raibh faitíos air dul i mbun oibre le Máire nuair a d'fhiosraigh sí leis an mbeadh suim aige a bheith páirteach.

Labhair muid le Caoimhe Nic Amhlaoibh fosta a théann chuig an chór lena mam gach seachtain. Tá daoine sa chór a bhfuil cumas iontach acu ó thaobh an cheoil de agus daoine eile a bhfuil cumas iontach acu ó thaobh na Gaeilge de, rud a mbaineann Caoimhe an-tairbhe as. Is deis iontach é dul i mbun ceoil agus do chuid Gaeilge a fhorbairt i rith ama.

Bíonn sos tae agus caife ann agus cruthaítear timpeallacht deas réchúiseach agus cairdiúil. Freastalaíonn thart ar 25 duine ar an chór gach seachtain ag Barr a' Tí agus tá fáilte i gcónaí roimh bhaill úra!

Close
Close