'Lár Tíre' - scéalta ón Midland Great Western Railway

Thar thréimhse ceithre bliana tá an t-ealaíontóir Baile Átha Cliathach, Pamela de Brí, ag tabhairt faoin dúshlán bealach an tsean-iarnróid Midland Great Western a thaisteal ar a rothar, agus í ag glacadh griangrafanna agus ag bailiú scéalta ar a slí.

Tá an turas sin anois ina thaispeántas ealaíne, le meascán de ghriangrafanna, rianta fuaime, leabhair nótaí, físeáin agus obair dealbha le feiceáil agus le cloisteáil.

Spreag Bailiúcháin O’Dea, bailiúcháin de ghriangrafanna de shean-stáisiúin traenach na hÉireann, Pamela le dul i mbun oibre agus thart ar 920 ciliméadar a thaisteal ar a rothar.

Thug Meon Eile cuairt ar an taispeántas chun bualadh leis an ealaíontóir agus chun níos mó a fháil amach faoin tionscadal uaillmhianach seo…

"Lár Tíre" - scéalta ón Midland Great Western Railway

Beidh Lár Tíre le feiceáil sa Chartlann Náisiúnta Ghrianghrafadóireachta i mBaile Átha Cliath go dtí an 24ú Bealtaine.

Ár mbuíochas le Pamela agus le Elizabeth Kirwan as ucht cead a thabhairt dúinn an t-ábhar seo a úsáid.

Close
Close