Idir mise agus tusa: Súgradh istigh nó súgradh amuigh?

Agus páistí óga gafa sa teach faoi láthair le linn na dianghlasála, caitheann muid súil siar chuig 2015 nuair a chruthaigh Macha Media sraith iontach do Meon Eile; Idir Mise agus Tusa. Sa tsraith bhríomhar drámaíochta seo, feicfidh muid meascán d'agallaimh beirte atá léirithe ag daoine óga as gach cearn de Chúige Uladh. Is é seo clár 3 sa tsraith.

Cé acu is fearr – súgradh taobh istigh nó súgradh taobh amuigh? An fearr rith sa choill nó leibhéal úr a bhaint amach ar chluiche ríomhaire? An tairbhí cluiche a imirt sa pháirc nó a bheith ar Facebook?

Sin an t-ábhar mór spairne atá idir Kirsten agus Emmet as Dún Pádraig san agallamh seo ó pheann an scríbhneora Séamas Mac Annaidh.

Close
Close