Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2014

Ba in Óstán Bhá na Gaillimhe, Bóthar na Trá, a bhí bronnadh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais i mbliana.

Cuireadh tús leis na gradaim seo in 1999 chun ceilliúradh agus aitheantas a thabhairt ar na láithreoirí, aisteoirí, iriseoirí agus lucht déanta chláracha raidió agus teilifíse a bhfuil éacht déanta acu in earnáil na meán Gaeilge le bliain anuas.

Bhí scaifte breá i láthair don ócáid agus béim mhór ar an stíl, idir mhná agus fhír.

Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais 2014 ar Ghearóid Ó Cairealláin as ceantar na bhFál i mBéal Feirste. Tá Gearóid ina ghníomhaí i ngluaiseacht na Gaeilge ó bhí sé ina dhéagóir. Leag stróc é in 2006, stróc chomh tromchúiseach sin gur fógraíodh marbh é. Ach bhréagnaigh sé na saineolaithe agus cé gur fhág an stróc an taobh clé dá chorp gan mhothú, tá sé gníomhach i saol na teanga ó shin agus an duais tuillte go maith aige.

Bhí Meon Eile i láthair ar an oíche agus fuair muid deis labhairt le cuid de bhuaiteoirí na hoíche.

Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2014.

Tá liosta na mbuaiteoirí uilig le feiceáil thíos:

1.TEILIFÍS: SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA

Garraí Glas (Abú Media)

2.TEILIFÍS: SCANNÁN / CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA

Páidí Ó Sé – Rí an Pharóiste (Magamedia Productions)

3.TEILIFÍS: CRAOLTÓIR TEILIFÍSE NA BLIANA

Róisín O’Hara (Róisín)

4.AISTEOIR NA BLIANA

Doireann Ní Fhoighil – Rúbaí, (Rúbaí)

5. RAIDIÓ: CLÁR / SRAITH RAIDIÓ NA BLIANA

An Saol ó Dheas (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

6. RAIDIÓ: CRAOLTÓIR RAIDIÓ NA BLIANA

Helen Ní Shé (RTÉ Raidió na Gaeltachta)

7. IRISEOIR/COLÚNAÍ NA BLIANA

Alan Titley (Irish Times)

8. LÁITHREÁN GRÉASÁIN NA BLIANA

www.tg4.ie/seannos (TG4)

9. Fir is galánta faisin

Dónall Ó Héalaí, Antoin Beag Ó Colla agus Seán Ó Baoill.

10. Mná is galánta faisin

Eimear Ní Chonaola, Máire Bríd Ní Fhatharta agus Karen Uí Lionáird.

Close
Close