Gaeil óga chun tosaigh ag Scoil Samhraidh Bhoirche Íochtar

Tá Scoil Samhraidh Chonradh na Gaeilge i mBoirche Íochtar á reáchtáil i gceantar Áth na Long sna Beanna Boirche le hos cionn tríocha bliain anuas.

Díríonn an scoil ar chur chun cinn an chultúr Ghaelaigh i measc aos óg an cheantair. Bliain mhór í seo don Ghaeilge i gceantar nach n-aithnítear leis an teanga go hiondúil.

Osclaíodh Áras Pháirc na Mara ní ba luaithe i mbliana agus bhronn an Roinn Oideachais aitheantas oifigiúil ar Ghaelscoil na mBeann.

Ceithre scór óganach a d’fhreastal ar champa na bliana seo idir pháistí bunscoile agus pháistí meánscoile.

Seo chugaibh cuid den siamsaíocht ón scoil samhraidh agus an ghlúin óg ag cur síos ar a ndúil sa teanga…

CnaG Boirche Iochtair
Close
Close