‘Péint, Cúpla Focal agus Ól’ le Tuathan Mac Eachaidh

Cuireadh ‘Péint, Cúpla Focal agus Ól ’ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich an tseachtain seo caite, imeacht a d’eagraigh an t-ealaíontóir agus an múinteoir Feirsteach, Tuathan Mac Eachaidh.

Is ócáid í seo a eagraíonn Tuathan in áiteanna éagsúla beagnach achan mhí. An aidhm atá leis na himeachtaí ná deiseanna sóisialta, ina bhfuil béim ar an ealaín, a eagrú don phobal.

Ní gá a bheith i d’ealaíontóir le freastal ar na hoícheanta siamsúla ach an oiread. D’aithin Tuathan go raibh éileamh ar imeachtaí réchúiseacha neamhfhoirmeálta a chruthú do dhaoine a bhí ag iarraidh a gcuid Gaeilge a chleachtadh.

D’fhreastail Meon Eile ar an oíche agus labhair muid le Tuathan faoin chur chuige. Beidh an chéad imeacht eile ar siúl i gCultúrlann Uí Chanáin i gCathair Dhoire ar an 14 Nollaig. Is féidir ticéad a cheannach anseo.

Is féidir Tuathan a leanúint ar na meáin shóisialta chun bheith ar an eolas faoina chuid earraí éagsúla trí Ghaeilge, mar aon leis na himeachtaí a bheidh ar bun amach anseo.

Close
Close