Fleadh Feirste 2022

Is é an t-am sin den bhliain arís nuair a bhíonn an Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste lán ceoil, ealaíne, drámaí, léachtaí agus imeachtaí eile.

Gach mí na Nollaig tagann roinnt eagraíochtaí in iarthar Bhéal Feirste le chéile chun Fleadh Feirste a chur ar fáil don phobal agus i mbliana tá an fhéile níos mó agus níos fearr ná riamh.

Agus meascán d'imeachtaí dátheangacha i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Áras Uí Chonghaille, Glór na Móna agus Raidió Fáilte, tá rud éigin ann do gach duine: spraoi do dhaoine óga agus dóibh siúd nach bhfuil chomh hóg céanna, ceolchoirmeacha, plé, taispeántais agus nithe go leor eile.

Labhair Meon Eile le hOdhrán de Rúiséil ón Cultúrlann, Tara Ní Dhuibh ó Raidió Fáilte agus Róisín Uí Néill ó Ghaelscoil na bhFál, a bhí ann le rang 4 le canadh ag seoladh na féile.

Cuirfear tús leis an Fhleadh inniu agus beidh sí ar siúl go dtí an 17 Nollaig.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Close
Close