Féile SULT ag dul ó neart go neart

D’fhreastail na céadta duine ar Fhéile SULT ag an deireadh seachtaine, féile cheoil cois fharraige i nGaoth Dobhair.

Cuireadh tús leis an fhéile den chéad uair anuraidh agus i mbliana dhíol siad a dhá oiread ticéad ná mar a díoladh an bhliain seo caite.

Is í sprioc na féile ná suim a chothú sa cheantar trí cheol, craic agus siamsaíocht a chur ar fáil, chomh maith le hairgead a chruinniú do charthanachtaí áitiúla. 

Déanfar cibé brabús a bhaineann leis an fhéile a athinfheistiú sa phobal áitiúil, ag soláthar tacaíocht do ghrúpaí pobalbhunaithe áitiúla, chomh maith lena chinntiú gur féile cheoil bhliantúil í SULT.

I measc na gceoltóirí agus na ngrúpaí a bhí le cluinstin ann bhí Chasing Abbey, Hoosiers, The Riptide Movement, Eve Belle, Welshy agus Stolen City.

Seo chugaibh blaiseadh beag den chraic agus den cheol ón deireadh seachtaine...

Close
Close