Rath agus bláth ar an fhéile Sean-Nós Ard Mhacha Theas

Cuireadh Sean-Nós Ard Mhacha Theas ar siúl den cheathrú bliain as chéile an deireadh seachtaine seo caite, san ionad Tí Chulainn ar an Mhullach Bán.

Bhí idir cheardlanna ar an sean-nós, oíche airneáil, cheolchoirmeacha, agus chomórtais ar an sean-nós d’aoiseanna éagsúla thar an dá lá spleodracha spreagúla.

Tá an fhéile agus an pobal thart uirthi ag fás agus ag forbairt i rith an ama agus an-éileamh ar spás mar seo le hardán a thabhairt do cheoltóirí agus amhránaithe sean-nóis, idir óg agus aosta.

Thug Meon Eile cuairt ar an fhéile Dé Sathairn agus an áit plódaithe le muintir na háite agus daoine as gach cearn den tír, neart amhránaithe ina measc.

Close
Close