Féile Imbolc Chultúrlann Uí Chanáin 2022

Bhí an féile Imbolc ar siúl an tseachtain seo caite i gCultúrlann Uí Chanáin i nDoire agus bhuail Meon Eile isteach chucu le fáil amach faoi na himeachtaí ar fad a bhí á reáchtáil acu.

Is féile ceoil thraidisiúnta í an Fhéile Imbolc a d'eagraigh Cultúrlann Uí Chanáin mar gheall ar an rath a bhí ar Fhleadh Cheoil na hÉireann a bhí ar siúl i gCathair Dhoire in 2012.

Bhí neart ceolchoirmeacha mar chuid den fhéile chomh maith le ceardlanna ceoil a chludaigh réimse maith uirlisí.

Labhair Meon Eile le Bill Breathnach, leas-comhordaitheoir oideachais sa Chultúrlann. Dar le Bill go bhfuil scoth an cheoil i gcathair Dhoire agus go gcuireann féilte mar seo leis an traidisiún ceoil go mór. 

Bhí Jack Warnock ag seinm ag an fhéile chomh maith agus bhí sé lán sásta a bheith ar ais os comhair lucht féachana arís i ndiaidh cúpla bliain.

Close
Close