Féile an Phobail @30

Gach Lúnasa, sula bhfaigheann na páistí réidh le dul ar ais ar scoil, tosaíonn Féile an Phobail.

Ar feadh coicíse bíonn imeachtaí ag dul ar aghaidh ar fud iarthar Bhéal Feirste. 

Is ócáid speisialta í i mbliana mar is í seo an 30ú bliain den fhéile agus í anois ar na féilte is mó san Eoraip. 

D'fhreastail Meon Eile ar roinnt de na himeachtaí i mbliana agus labhair muid le daoine - idir lucht a heagraithe agus eile - faoi stair Fhéile an Phobail, an fás atá i ndiaidh theacht uirthi thar na blianta agus cuid de na seanchuimhní faoin fhéile chomh maith.

Close
Close