Féile an Earagail, Dún Lúiche 2019

Bhí Féile an Earagail ar siúl i nDún Lúiche i nGaeltacht Thír Chonaill an tseachtain seo caite.

I measc na n-imeachtaí a bhí ag dul ar aghaidh le linn na seachtaine bhí ceol traidisiúnta, damhsa Gaelach agus siúlóidí faoin tuath.

Tá an fhéile seo á reáchtáil le roinnt blianta anuas agus é mar sprioc ag an choiste daoine de bhunadh an cheantair a mhealladh abhaile don tseachtain.

Thug muid cuairt ar an bhaile beag Gaeltachta le haghaidh na maidine caife i dteach Dhún Lúiche, nó Teach Guinness mar is fearr aithne air...

Close
Close