Fáinne ar shlabhra ar díol ag Conradh na Gaeilge

Is fada an Fáinne ina shiombail don Ghaeilge fud fad na tíre ach tá Conradh na Gaeilge i ndiaidh leagan nua a dhéanamh de, nó tá an Fáinne ar shlabhra ar díol acu anois.   

Labhair Meon Eile le hAodhán Ó Deá ó Chonradh na Gaeilge faoi stair an Fháinne féin agus faoin tionscadal nua atá ar bun acu an Fáinne a chur ar shlabhra.  

Is léir go bhfuil rath ar an tionscadal nó tá na fáinní ar fad chóir a bheith díolta agus gan ach seachtain ann ó thosaigh siad á ndíol.   

Más maith leat slabhra a bhfuil fáinne air a cheannach, is féidir ceann a ordú anseo

Close
Close