Fíbín ag léiriú "Sétanta" i mBéal Feirste

Léirigh an comhlacht amhairclainne, Fíbín, an dráma “Sétanta” don chéad uair i mBéal Feirste le déanaí.

Ag tabhairt inspioráide ón bhfinscéal, An Táin, taispeánann sé cuid de na carachtair uaidh i ndomhan comhaimsearta, ag baint úsáide as teicnící ilmheánacha agus maisc chun an scéal a insint.

Bhuail Meon Eile le cuid den fhoireann taobh thiar de, chun níos mó a fháil amach faoi…

Sétanta / Fearghal Ó Maolagáin

Ba léir go raibh an dráma cleachtaithe go maith, agus go raibh na haisteoirí agus foireann teicniúl uilig ar a gcompórd leis an bhformáid chasta, nua-aimseartha seo.

Foireann 15 duine a bhí i gceist chun an léiriúchán seo a stáitsiú, agus ba rud speisialta a bhí i gceist, cé gur ghlac sé tamall ar chúpla beathnóir dul i dtaithí ar an stíl.

Beidh Sétanta ag críochnú sa Granary Theatre i gCorcaigh ar an 9ú agus 10ú Bealtaine, agus is fiú go mór é a fheiceáil.

Close
Close