'Gracie' - dlúthdhiosca seolta in ómós do Ghráinne Bean Mhic Giolla Bhríghde

Seoladh an t-albam 'Gracie' in ómós do Ghráinne Bean Mhic Giolla Bhríghde in Amharclann Ghaoth Dobhair ar na mallaibh.

Is beag duine nach raibh aithne acu ar Ghráinne, nó 'Gracie' mar ab fhearr aithne uirthi sa cheantar.

Bhí clú ar Ghracie go háitiúil mar shár-cheoltóir agus mar aisteoir le hAisteoirí Ghaoth Dobhair.

Ar an drochuair bhuail ailse sceadamáin Ghracie in 2008, bliain i ndiaidh gur cailleadh a fear céile.

Sular éirigh sí tinn, bhí sé i gcónaí mar sprioc aici dlúthdhiosca a dhéanamh. 

Chaill Gracie a glór de thairbhe na hailse, rud a bhí iontach trom uirthi. Fad is a bhí sí tinn tháinig a teaghlach ar shean-taifeadtaí do Ghracie i mbun ceoil a bhí ag Raidió na Gaeltachta.

Rinneadh taifeadadh ar na hamhráin seo idir na blianta 1976 agus 1991.

I ndiaidh bhás Ghracie shocraigh a hiníon Maoilíosa snas a chur ar na tafeadtaí sin agus albam a chur le chéile in ómós dá máthair.

9 n-amhrán san iomlán atá ar an dlúthdhiosca, idir Ghaeilge agus Bhéarla, ach is é 'Cumha an Oileáin' an t-amhrán is clúití a cheol Gracie.

Tá an dlúthdhiosca a dhíol sna siopaí áitúla agus ar fáil ANSEO

Rachaidh an t-airgead uilig díreach chun sochair do charthanacht Eitiltí agus Seirbhisí Ailse Dhún na nGall.

Labhair ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill le gariníon Ghracie, Éadaoin Nic Giolla Bhríghde, faoina máthair mhór agus faoin oidhreacht atá fágtha ina diaidh.

Close
Close