Cúrsaí Gaeltachta faoin spéir ar siúl i nGleann Cholm Cille

Tá formhór na gcúrsaí Gaeltachta curtha ar ceal arís i mbliana mar gheall ar Covid-19 ach tá Oideas Gael i nGleann Cholm Cille i ndiaidh cúrsaí nua a fhorbairt ionas gur féidir le foghlaimeoirí an teanga a fhoghlaim agus cloí le srianta Covid ag an am céanna. 

Tá scoláirí ag foghlaim faoin spéir agus iad ag dul ar thurais bháid, siúlóidí sléibhteoireachta agus ranganna déanta ciseán, uilig trí mheán na Gaeilge.

Chaith Meon Eile an lá leo le fáil amach cad é mar a bhí ag éirí leo sa chéad seachtain den chur chuige nua faoin aer.

Áit a bhfuil toil tá bealach!

Close
Close