Cúinne Comhrá, Féile Swell - Dónall Mac Ruairí

Tá muid ar ais le haghaidh sraith eile de 'Cúinne Comhrá’ ar meoneile.ie, an iarraidh seo tá muid ag teacht chugaibh ó Fhéile Swell, féile cheoil agus champála ar Árainn Mhóir, oileán amach ó chósta Dhún na nGall.

An tseachtain seo, tá Seán ag labhairt leis an cheoltóir agus an craoltóir aitheanta, Dónall Mac Ruairí.

Tá Dónal ag reachtáil stáitse na nGael ag Féile Swell agus tá sé mar chuid den ghrúpa ‘Clann Mhic Ruairí’, lena dheartháireacha, Tony, Seán agus Aodh, agus a neacht Megan.

Tá an teaghlach seo aitheanta le fada ach tháinig siad le chéile ag bualadh ceoil mar ghrúpa cúpla bliain ó shín agus tá ag éirí go hiontach leo ó shín.

Tógadh an teaghlach le saibhreas ceoil na Gaeltachta, ag foghlaim a gcuid amhrán ón tsean-ghlúin, agus iad anois ag tabhairt na n-amhrán ar aghaidh go dtí an chéad dream eile.

Tá albam amháin eisithe acu cheana féin, dar teideal ‘Súile’, chomh maith le camchuairt a dhéanamh sa Fhrainc agus san Fhionlainn.

Tá Clann Mhic Ruairí anois ag déanamh réidh le dul isteach sa stiúideo arís leis an dara halbam acu a thaifeadadh agus muid féin ag súil go mór leis cheana féin.

Close
Close