Craic agus clábar ag Féile na Gealaí 2025

Tháinig na sluaite go Ráth Chairn, Co. na Mí, an deireadh seachtaine seo caite le freastal ar Fhéile na Gealaí 2025.

Féile champála atá i bhFéile na Gealaí a thosaigh in 2016 agus atá dírithe ar Ghaeil agus ar cheol na nGael, idir Éireannaigh agus Albanaigh.

Chuala a raibh i láthair ó cheoltóirí mór le rá amhail Súil Amháin, Le Boom agus SexyTadhg. Bhí seisiúin thraidisiúnta le cluinstin sa Céilí Kitchen chomh maith. Labhair Meon Eile le Cúán de Búrca a bhí ar an ardán oíche Dé Sathairn agus a chéad taispeantas ceoil á dhéanamh aige.

B’iontach an t-atmaisféar a bhí le blaiseadh i rith na féile, in ainneoin na drochaimsire a tháinig maidin Dé Sathairn. Labhair Jeaic Mag Fhinn agus Cara Jane Nic Giolla Chomhaill linn maidir leis na gnéithe den fhéile is ansa leo.

Close
Close