‘Coinneal Feasa’ - Seoladh Taispeántas Dara Vallely

Seoladh taispeántas úrnua de chuid Dara Vallely ar na mallaibh in Amharclann an Burnavon ar an Chorr Chríochach i dTír Eoghain.

Is ealaíontóir, ceoltóir, scéalaí agus stiúrthóir cruthaitheach é Dara as Contae Ard Mhacha. Tá clú mór air as bheith ina chomhbhunaitheoir de Chleamairí Ard Mhacha, grúpa ceoil agus drámaíochta a thosaigh in 1978. Seinneann Dara an consairtín, an pianó, an fhliúit, an fheadóg stáin agus an phíb uilleann. Oibríonn Dara ar a gcuid ealaíne ina stiúideo in Ard Mhacha agus tá lear mór dá shaothar le feiceáil in Aonach Mhacha. 

Is aistear físiúil é Coinneal Feasa bunaithe ar chuimhne an Domhain. Bhí an-chuid fiosrachta, taighde agus díograis de dhíth leis an tsaothar a chur i gcrích – 24 phictiúr spreagtha ag George ‘AE’ Russell agus a théacs speisialta The Candle of Vision, chomh maith le léirmhíniú úrnua déanta ag Réamonn Ó Ciaráin ar an obair chéanna trí Ghaeilge. Tá Réamonn go fóill ag obair i dtreo an leabhair spéisiúil a fhoilsiú ach bhí seisean agus Dara ábalta comhoibriú agus plé a dhéanamh ar théamaí agus ceisteanna ón téacs. Is cinnte go mbeidh níos mó doimhneachta agus saibhris le haimsiú sa tsaothar scríofa agus san ealaín úr seo. 

Ní hé seo an chéad uair don bheirt a bheith ag obair lena chéile ach an oiread. In 2015, dfhoilsigh Gael Linn leabhar dar teideal ‘Laoch na Laochra’ dírithe ar scéal Chú Chulainn óna óige go dtí a bhás, le Réamonn mar údar agus Dara mar ealaíontóir.   

Éireannach as an Lorgain i gContae Ard Mhacha a bhí in George Russell, a d’úsáid an t-ainm cleite ‘AE’ chomh maith. File, ealaíontóir, aisteoir, eacnamaí agus fealsamh misteach a bhí ann, agus fuair sé bás sa bhliain 1935. Ina shaothar The Candle of Vision (1918) Coinneal Feasa, déanann AE plé ar fhealsúnacht ina bhfuil ealaín, samhlaíocht, scéalaíocht agus radharcanna spioradálta go dlúth le chéile. Tá teideal i nGaeilge tugtha ar achan phíosa sa taispeántas le Béarla thíos faoi.

D’fhreastail Meon Eile ar an tseoladh speisialta, áit a raibh ceol agus drámaíocht ó Chleamairí Ard Mhacha, cur i láthair ag Réamonn Ó Ciaráin agus comhrá agus plé idir gach duine i láthair. Bhí AE Russell Society i láthair chomh maith. Labhair muid le Dara agus Réamonn Ó Ciaráin chomh maith le Gerry Lappin ó na Cleamairí faoin imeacht. 

Tá an taispeántas go fóill le feiceáil in Amharclann an Burnavon.

Close
Close