Ceoltóirí na gContaetha - Megan Nic Fhionnghaile

An tseachtain seo mar chuid den sraith 'Ceoltóirí na gContaetha' bhuail Meon Eile le Megan Nic Fhionnghaile as Gaoth Dobhair.

Is fidléir óg í Megan atá díreach i ndiaidh céim sa cheol a bhaint amach as Ollscoil Luimnigh. Tá Megan ag seinm ceoil ó bhí sí óg agus tá neart ceoil timpeall uirthi ina teaghlach agus ina ceantar dúchais.

D'fhill Megan abhaile ó thuras le 'Lord of the Dance' ar na mallaibh agus tá sí ag súil le leanúint ar aghaidh leis an cheol go lánaimseartha anois.

Is féidir tuilleadh ceoil de chuid Megan a chloisteáil ar a leathanach Facebook Megan Nic Fhionnghaile Music.

Close
Close