Ceoltóirí na gContaetha - Gráinne Holland

Mar chuid den tsraith úr Ceoltóirí na gContaetha bhuail Meon Eile leis an amhránaí agus scríbhneoir amhrán, Gráinne Holland.

Tá Gráinne ar na hamhránaithe traidisiúnta is mó aithne sa tír agus is iomaí ceolchoirm atá déanta aici in Éirinn agus thar lear.

Is as Iarthar Bhéal Feirste do Ghráinne agus thosaigh sí ag canadh i gceoldrámaí agus bhí ina ball de phopghrúpa, sular chuir sí tús lena gairm i saol an cheoil Ghaeilge agus thraidisiúnta.

Rinne Gráinne cur síos ar a saol dúinn, ag insint faoi na daoine agus ceoltóirí eile a spreag í agus agus a thug tacaíocht di ar thuras an cheoil. Thug sí cúpla leid fosta do dhuine ar bith a bheadh ag iarraidh a bheith ina amhránaí.

Tá tuilleadh eolas faoi Ghráinne agus a cuid ceoil le fáil anseo.

Close
Close