Ceol Traidisiúnta agus gaol na teicneolaíochta...

Ceol Traidisiúnta agus gaol na teicneolaíochta...

An féidir ceol traidisiúnta a nascadh le teicneolaíocht gan baint den ghaol daonna atá i gcroílár an tseisiúin bheo?

Bhuel is cláirseoir, cumadóir agus iníon léinn taighde sa cheol í Una Monaghan atá ag fiosrú na féidearthachta seo in Ionad Ceoil Sonic Arts in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Chas Meon Eile le hÚna ag Sonic Arts agus labhair muid léi faoina cuid oibre san Ollscoil…

Úna Ní Mhonacháin / Shane Ó Curraighín

Fobairt de shaghas eile ag Féile na Banríona…

Tá gaol teicneolaíochta de shaghas eile forbartha lena léiriú, ‘Owenvarragh: A Belfast Circus on The Star Factory’.

Is leabhair é ‘The Star Factory’ le Ciaran Carson a dhéanann cur síos ar an saol i mBéal Feirste.

Ag comhoibriú le Martin Dowling, rinne Úna an leabhai agus scór ceoil an chumadóra John Cage a nascadh. Táthar tar éis saothar liteartha a thabhairt chun ardáin gan chúnamh aisteoireachta.

Rinne Úna na fuaimeanna a gcuirtear síos orthu i saothar Carson a thaifead agus shaidhm sí a ceol féin tríd. Roghnaigh Martin filíocht ón leabhar don ardán.

Beidh an léiriú críochúil ar ardán oíche Dhomhnaigh seo chugainn mar chuid d’Fhéile na Banríona.

Close
Close