An Fíor Ghael - Neart Grinn, Ceoil agus Craic

Bhí neart grinn, amhrán agus ceoil sa ‘Baby Grand’ le déanaí nuair a tháining An Fíor-Ghael chun ardáin.

Thosaigh an compántas amharclainne Aisling Ghéar ag obair ar an oíche ghrinn seo níos mó ná dhá bhliain ó shin nuair a tháinig Tony Devlin, Nuala Ní Neill, Bríd Ó Gallchóir agus Gearóid Ó Cairealláin le chéile chun an script a phlé agus chun forbairt a dhéanamh air.

Ar an oíche mhór, bhain an lucht féachana taitneamh as Paddy McDonnell, fear grinn agus tiománaí tacsaí as Béal Feirste, ag magadh agus ag insint dóibh faoina chuid scéaltaí greannmhara agus é ag foghlaim na Gaeilge.

Ina dhiaidh sin tháinig JJ Ó Dochartaigh lena ghiotár agus chuaigh sé go mór i gcion ar an lucht féachana.

Ansin bhí sé in am do na sceitsí greannmhara. Bhí Tony Devlin agus Nuala Ní Neill ag aisteoireacht agus bhí rólanna agus carachtair éagsúla acu tríd an taispeántas ar fad. Bhí neart ceoil sna sceitsí seo chomh maith.

Thug an lucht féachana boladh bos mór ag an deireadh agus bhí Bríd Ó Gallchóir, stiúrthóir an dráma, an-sásta leis an oíche.

An Fíor Ghael / Sarah de Búrca

Beidh dráma eile de chuid Aisling Ghéar ‘An Aisling’ ar siúl ar 8, 9 agus 10 Lúnasa mar chuid d’Fhéile an Phobail.

Close
Close