A gcéad dlúthdhiosca seolta ag ‘An Corráiste’

Is lánúin phósta iad Aodan agus Seacailín a bhuail le chéile ag seisiún ceoil in Albain agus tá siad ag seinm le chéile ó shin, idir cheol Éireannach agus cheol Albanach. Mar gheall ar an ghrá atá acu beirt don cheol, chinn siad ar dhlúthdhiosca a eisiúint mar ghrúpa darb ainm ‘An Corráiste’.

Is bailiúchán galánta é seo a léiríonn an caidreamh atá ann idir ceol na hÉireann agus ceol na hAlban leis na céadta bliain. Cé gur bhuail Covid-19 agus an phaindéim nuair a bhí siad i mbun an taifeadta, d’éirigh go maith leis an díolachán ar líne.

Bhuail Meon Eile leis ‘An Corráiste’ le seisiún breá ceoil a bhlaiseadh. Labhair muid le hAodán faoin phróiseas taifeadta a bhí acu agus an paisean atá acu don cheol, agus rinne Seacailín cur síos ar an dóigh a mbíonn sí ag foghlaim na n-amhrán as Gaeilge agus í go fóill ag foghlaim na teanga.

Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil faoin dlúthdhiosca anseo.

Tá muid go mór faoi chomaoin ag Cumann Chluain Ard as a chuid tacaíochta leis an fhíseán seo a thaifeadadh.

Close
Close