An chéad cheolchoirm in Éirinn de chuid Tempest in An Droichead

Bhí an t-ionad cultúrtha ar Bhóthar Ormeau i nDeisceart Bhéal Feirste, An Droichead, plódaithe ar na mallaibh don chéad cheolchoirm in Éirinn de chuid an bhanna ceoil ‘Tempest’.

Is grúpa ceoil traidisiúnta iad Tempest a gcuireann ceathrar ceoltóirí den scoth a dtallann leis, mar atá Blaithín Mhic Cana, Brendan Mulholland, Aaron O’Hagan agus Luke Ward. Is as Cúige Uladh do na ceoltóirí uile agus cluintear oidhreacht cheol traidisiúnta an cheantair seo in achan bhuille agus achan fhonn.

Tá lucht leanúna láidir ag an bhanna cheana féin atá ag dúil go mór leis an chéad albam s’acu a eiseofar i mbliana.

Thug Meon Eile cuairt ar an oíche ar leith seo agus labhair muid le Blaithín Mhic Cana, amhránaí ón ghrúpa, faoi cén cinéal ceoil a chumann siad agus cad atá i ndán don bhanna amach anseo. Labhair muid le Claire Kieran ó An Droichead fosta, a phléigh an tábhacht a bhaineann leis an spás a chur ar fáil d’imeachtaí ceoil traidisiúnta, trí mheán na Gaeilge go háirithe.

Thig leat Tempest a leanúint anseo.

Close
Close