Amhrán úr éisithe mar chuid de chomóradh ar Mhicí Sheáin Néill Ó Baoill

Rinneadh céilúradh ar shaol agus ar shaothar ‘Rí na Scéalaíochta’, Mící Sheáin Néill Ó Baoill, i Rann na Feirste ag an deireadh seachtaine.

De bharr shrianta phaindéim COVID-19, bhí na himeachtaí uilig beo ar líne ar laethanach Facebook Seanchas Sheáin Néill.

Mar chuid den deireadh seachtaine seoladh leabhar úr agus dlúthdhiosca, dar teideal ‘Scéal Chú Chulainn’, ag a ghar-neachtanna, Bríd Anna Ní Bhaoill, Eilín Uí Bhaoill agus Máire Uí Chonchoille.

I measc na n-ócáidí eile bhí seisiún scéalaíochta, chomh maith le ceolchoirm fhíorúil le cuid de na ceoltóirí Gaelacha is fearr dá bhfuil ann, ina measc Moya Brennan, Gráinne Holland, Mairéad Ní Mhaonaigh and a hiníon Nia, Maighread agus Tríona Ní Dhomhnaill agus ceoltóirí iontacha eile nach iad.

Triúr eile a bhí páirteach sa cheolchoirm fhíorúil ná Húidí Mac Gairbheá, a dheirfiúr Reddyon agus a gcara Sophie Ní Fhearraigh.

Cheol siad amhrán nuachumtha dar teideal ‘Abú Rann na Feirste’, cumtha ag athair Húidí agus Rddyon, Aodh Mac Gairbheá.

Labhair Meon Eile le Húidí fá théama an amhráin agus fán chúis a raibh sé tábhachtach daofa a bheith páirteach sa chomóradh ar Mhicí Sheáin Néill…


Seo leagan iomlan den amhrán 'Abú Rann na Feirste' agus na liricí faoi:


An Samhradh - le Aodh Mac Mac Gairbheá

An samhradh ‘s an saol ar scothdhóigh,
Léim a’ bhradáin thuas ar an eas,
Níl d’athair gan ‘s do mháthair álainn deas,
Seo, seo mhuirnín chaomh,
Deor na caoin.


Abú Rann na Feirste -  le Aodh  Mac Gairbheá


Seoltaí lán is cóir mhaith ghaoithe,

Arais chuig mo chine féin,

Seanchas agus scéalta,

Ag éisteacht le scéal ó Mhicí Sheáin.


Curfá:

Abú baile Rann na Feirste,

Ina luí go séimh ar an Ghaoth,

Abú baile Rann na Feirste,

Is ann go deo a bhéas mo chroí.


Ar an Ghob ‘s an lán ag tiompú,

Ag féachaint bradán ar an deán,

Ag siúl thart le Sráid a’ Phumpa,

B’álainn labhairt le Biddy Sheáin.


Abú baile Rann na Feirste,

Ina luí go séimh ar an Ghaoth,

Abú baile Rann na Feirste,

Is ann go deo a bhéas mo chroí


Sult mar bhiodh ar shiúl go brách,

Mar a bhí dáimh gan chur i gcéill,

Gan daoine in éad ach iad fíor lách,

Mar bhí muintir chlann Sheáin Néill.


Abú baile Rann na Feirste,

Ina luí go séimh ar an Ghaoth,

Abú baile Rann na Feirste,

Is ann go deo a bhéas mo chroí.


Abú baile Rann na Feirste,

Ina luí go séimh ar an Ghaoth,

Abú baile Rann na Feirste,

Is ann go deo a bhéas mo chroí.


Close
Close