‘Oileán Beag Glas’ ag Féile Pan Cheilteach

‘Oileán Beag Glas’ ag Féile Pan Cheilteach
‘Oileán Beag Glas’ ag Féile Pan Cheilteach / Sarah de Búrca

Tá an Fhéile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach ag tosnú inniu i gCeatharlach. Beidh se ar siúl go dtí 7 Aibreán. I rith na seachtaine déantar ceiliúradh ar na cultúir, traidisiúin agus teangacha Ceilteacha as Alba, An Bhreatain Bheag, Corn na Breataine, Oileán Mhanann, An Bhriotáin agus Éirinn tríd an cheol, damhsa, scéalaíocht, filíocht, spórt, ceardaíocht, ealaín agus amhránaíocht. Tá Áine Ní Bhrollaigh as Dún Geimhin tar éis amhrán dar teideal ‘Oileán Beag Glas’ a chumadh do chomórtas mar chuid den fhéile. Bhí sí mar dhuine de na hiomaitheoirí sa chraobh don Fhéile i mí Feabhra. Canann Áine ‘Oileán Beag Glas,’ agus bíonn cláirseoirí ó Dhún Geimhin chomh maith le ceoltóirí ó Charn Tóchair le cloisteáil tríd an amhrán freisin. Is féidir éisteacht le ‘Oileán Beag Glas’ ar líne. Chun níos mó eolais a fháil ar an Fhéile Phan-Cheilteach téigh chuig www.panceltic.ie.

Close
Close