Tuairimí an phobail faoi shrianta úra COVID-19 ó thuaidh


D'fhógair an Feidhmeannas Dé Céadaoin go ndruidfidh scoileanna i dtuisceart na tíre a ndoirse ar feadh coicíse ón Luan ar aghaidh.  

Ón oíche anocht druidfear bialanna agus tithe tábhairne do chustaiméirí ar feadh míosa ach amháin faoi choinne seirbhísí iompair amach. Buille mór a bheas ann don earnáil fáilteachais agus na húdaráis sláinte den tuairim go bhfuil na srianta úra seo rómhall ag teacht i bhfeidhm agus an víreas imithe as smacht.  

Dar le cathaoirleach Chumainn Leighis na Breataine (BMA) i dtuaisceart na hÉireann:

"I ndiaidh cruinniú fíorúil a bheith agam le baill an chumainn is é an tuairim choitianta a bhí againn ná nach bhfuil na srianta seo dian go leor ná baol air," a bhagair an Dr Tom Black.  

Thaifead an Roinn Sláinte 763 chás nua le ceithre 24 uair an chloig anuas le ceathrar eile básaithe de dheasca COVID-19, tá líon na mbásanna ó thús na pandéime anois go hoifigiúil ag 606 dhuine.  

Taifeadadh 23,878 gcás i dtuaisceart na tíre ó thús na pandéime agus an ceathrú acu siúd taifeadta le seachtain anuas.   

Deimhníodh 1,095 chás breise i bPoblacht na hÉireann Dé Céadaoin agus cúigear eile básaithe de dheasca an víris.

Chuaigh foireann Meon Eile chun sráide le labhairt le roinnt daoine faoina dtuairimí ar na coinníollacha úra atá ag teacht i bhfeidhm le dul i ngleic le hardú na gcásanna agus scaipeadh rábach an choróinviris sa tír.  

Close
Close