Tábhacht ar leith ag baint le Derry Girls

Daire Ní Chanáin

Cuireadh deireadh leis an tríú séasúr, agus an ceann deireanach, de Derry Girls an tseachtain seo caite.

Chuir an clár cathair Dhoire ar an léarscáil ar bhealach nár tharla riamh roimhe. Chuir daoine as gach cearn den domhan aithne uirthi mar gheall ar cé chomh hiontach is atá sí mar chathair, in áit na drochrudaí ar fad a tharla inti i gcaitheamh na mblianta. Léirigh Erin, Orla, Clare, Michelle agus James go raibh daoine óga i nDoire ag caitheamh a saoil mar a bhí achan déagóir eile sna 90idí, cé go raibh na Tríoblóidí ag dul ar aghaidh sa chúlra. D’athraigh an chlár seo dearcadh an phobail taobh amuigh d’Éirinn ar an saol i nDoire ag an am.

Bhí mé féin i mo chónaí i nGaillimh nuair a tháinig an clár amach ar dtús agus bhí an difear sin i ndearcadh na ndaoine le mothú beagnach thar oíche. Roimh an chlár, bheadh daoine ag cur ceisteanna orm faoi bhuaimí agus ‘Londonderry’ an t-am ar fad, ach ansin bheadh daoine ag fiafraí díom cén ‘Derry Girl’ mé (is Clare mé, dála an scéil) agus ag caint liom faoin chlár agus greann Dhoire.

Cuireadh deireadh leis an séasúr le clár faoi leith ar reifreann Chomhaontú an Chéasta in 1998. Mhothaigh muid an doigh a raibh Michelle ag streachailt mar gheall go raibh a deartháir sa phríosún agus nach raibh a teaghlach ag labhairt faoi. Bhí Erin idir dhá chomhairle faoin chomhaontú féin ar eagla nach n-oibreodh sé. ‘But what if does’ a dúirt a sheanathair agus is sin a mheall sí le vóta a chaitheamh ar a shon. Léiríodh míreanna den chogadh i nDoire, Domhnach na Fola agus an lá a ghabh príomhaire na Breataine David Camron leithscéal faoin mhéid a tharla ar an lá sin in 1972 agus faoin dochar a rinne bhréaga Widgery. Bhí an oiread sin cumhachta sa chlár sin agus sna gearrthóga leis. D’amharc muid ar na cailíní óga seo ag fás aníos, ag gáire is ag caoineadh leo ach ní raibh ach gíotaí beaga den choimhlint le mothú go dtí anois.

Tá neart daoine óga sa tír seo agus sa Bhreatain nach bhfaca cuid de na heachtraí sin riamh. Ní raibh a fhios acu go raibh an saol chomh holc sin i nDoire agus go ndearna rialtas agus arm na Breataine slad ar mhuintir s’againn anseo – cuireadh sin ar a súile dóibh den chéad uair le saothar seo Lisa McGee. Bhí fearg ar go leor daoine go raibh na míreanna sin sa chlár agus labhair an t-aisteoir Síobhán McSweeney, a bhí mar Sister Michael sa chlár, amach faoi: ‘A sitcom should not be teaching people the history of Northern Ireland,’ a dúirt sí. Agus tá an ceart aici ach, ar an drochuair, tá barraíocht daoine ann nach bhfuil ar an eolas faoin stair. Ní ar dhaoine thar sáile amháin atá muid ag caint ach an oiread, tá go leor daoine óga sna Sé Chontae féin nach bhfuil a fhios acu fiú go raibh reifreann ar an Chomhaontú ann ná cad é go díreach a tharla ina dtír féin.

Cé gur féidir a rá go bhfuil Comhaontú Aoine an Chéasta lochtach ar bhealaí, go háirithe ó thaobh cúrsaí Gaeilge de - rud a bhí le mothú go láidir ag an Lá Dearg i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine - is léir ó Derry Girls go bhfuil sé ríthábhachtach fosta. Tá síocháin againn anseo mar gheall ar an Chomhaontú agus bhí muid in ann bogadh ar aghaidh leis an saol. Níl an tsíocháin sin cinnte, áfach, agus ó tharla Brexit, bhí blaiseadh beag den choimhlint againn arís le círéibeacha i nDoire agus ar ndóigh dúnmharú an iriseora Lyra McKee. Murach Comhaontú an Chéasta, tá baol ann go rachaidh muid ar ais chuig an saol mar a bhí agus níor mhaith le duine ar bith againn sin.

Tá éacht déanta ag Lisa McGee le Derry Girls agus is trua go bhfuil deireadh tagtha leis, ach is cinnte go mbeidh oidhreacht fágtha ina diaidh ag an tsraith. Ní féidir ach a bheith ag súil go n-amharcfaidh polaiteoirí móra na Breataine ar an chlár agus go dtuigfidh siad an tábhachtach a bhaineann leis an Chomhaontú le síocháin a chaomhnú anseo agus go ndéanfaidh siad achan iarracht í a chosaint. Is saol s’againne atá idir lámha acu anois agus is scanrúil an rud é sin.

Close
Close