Tá an Ríocht Aontaithe ina ceap magaidh, ach ní scéal grinn é Brexit féin

Dónall Mac Giolla Chóill

Agus mé á scríobh seo, tá mé i Surrey, Sasain.

Tráthnóna Dé hAoine atá ann, agus thosaigh sé ag cur báistí an bomaite a chuir mé na héadaí amach ar an líne lena dtriomú.

Tá sé tirim agus te anseo le seachtain, áit a bhfuil mise faoi láthair, go dtí go raibh mé ag iarraidh éadaí a thriomú, ansin go tobann bhris an bháisteach.

Tá mé ag coinneáil súil ar an Bhreatimeacht, níl mórán eile le déanamh anseo, níl mórán eile le déanamh áit ar bith na laetha seo.

Tá páirt bheag díom ar a bhfuil lúcháir nach bhfuil mé i bhfeighil nuachtáin a thuilleadh, ach tá píosa níos mó de m’anam atá ag dul ar daoraí nach bhfuil páipéar agam.

Ní bheadh ganntanas nuachta ann.

Ní bheinn ag múscladh a thuilleadh choíche arís ag a cúig a chlog ar máidín, buartha faoi leathnach a sé.

Tá nós agam agus mé ag eitilt, nó ar an bhus, nó i dtacsaí, nó ar an tolg, nuachtán a fháil.

Ceannaím nuachtán ar an bhealach céanna is a chaithim vóta.

Bhí sé de ghnás againn i dtí s’againne an Irish Press a thógáil gach uile lá.

Sin an pholaítíocht a bhí againn, sean-FF’ers muid.

Ach cheannóinn an Irish Independent.

Seo rud nár shásaigh mo mháthair.

Chuir sí sa tine é, níos mó ná uair amháin.

Ach ba mhaith liom meon mo namhad a fháil amach, agus fios a bheith agam cén meon atá acu... sin an fáth a léim Meon Eile ar bhonn rialta.

Ach mé ar an eitleán, an tseachtain seo caite, bhí an Daily Telegraph, nuachtán mór na dTóraithe agam.

Bhí fear ina shuí sa tsraith chéanna liom, agus i ndiaidh tamall d’fhiafraigh sé díom an léitheoir rialta de chuid an Telegraph mé.

Arsa mise, muise, léim an Guardian níos minice.

Chuir mé olc ar mo dhuine, ba léir.

Bhog sé suíochán agus é ag fágáil, arsa seisean, “is duine den éite chlé thú mar sin, an Remainer thú?”

“Hmm Hmm,” arsa mé féin.

Is Caitliceach mé - bhuel, lena cheart a dhéanamh de, agus is Caitliceach cultúrtha mé - ach ceannaím an Guardian de ghnáth agus scríobham do Meon Eile anois agus arís.

Cruthaíodh scoilt sa Ríocht Aontaithe i mí an Mheithimh 2016, nuair a ritheadh an reifreann ar an Bhreatimeacht.

Seanscéal agus meirg air faoin am seo, agus is beag an t-ábhar cainte agus scansála a bhí ag lucht na meán ó shoin.

Níl aon chuma ar an scéal céanna go bhfuil aon réiteach air go fóill.

De réir cosúlachtaí, is iad na daoine is cliste, is éirimiúla, is clice iad na daoine atá i mbun socruithe go mbeadh Breatimeacht i bhfeidhm faoi Oíche Shamhna na bliana seo, breis agus trí bliana ó chaith mise mo vóta i dtuaisceart Bhéal Feirste.

Agus nach iad atá ag déanamh scoth jab de!

Tá an íoróin ag sileadh as an abairt sin thuas.

Is ceap magaidh an Ríocht Aontaithe faoin láthair.

Tá Alexander Boris de Pfeffel Johnson, atá ag feidhmniú mar Phríomh-aire na Breataine ó bhí mí Iúil ann, tá sé anois i ndiaidh a mhóramh a chailleadh i dTeach na dTeachtaí i Westminster, go huile agus go hiomlán ó d’fhógair a dhearthair féin, Jo Johnson, go raibh a sháith aige.

I ndiaidh do Jo-Jo imeacht, fágadh Bo-Jo gan a Mho-Jo!

Tá sé de chliú ar Jacob Rees-Mogg nach suíochán amháin a líonann sé ach triúr ar a laghad sna Commons.

Chuaigh Boris amach an tseachtain seo a chuaigh thart agus é i mbun feachtasaíocht le haghaidh olltoghcháin, nach bhfuil ceadaithe go fóill, agus is beag an baol go mbeidh olltoghchán ann lá ar bith feasta.

Thug sé cuairt ar iascairí agus ar fheirmeoirí, agus ansin chomh maith thug sé aitheasc os comhair scaifte ábhar póilíní, à la Donald Trump.

Bhí an t-aitheasc sin a thug sé os comhair na bpóilíní óga, bhí sé chomh cumhachtach sin, gur dóiche gur tháinig laige ar bhean óg amháin!

Faoin am a léann tú seo, a léitheoir dhil, beidh mise ag tabhairt m’aghaidh ar Bhéal Feirste, beidh mé ag pilleadh chun an bhaile, chuig an ghnáthshaol agus an síorphlé seo faoin Bhreatimeacht.

Beidh mé ag pilleadh ar an éiginnteacht agus ar an doiléireacht.

Beidh mé ag pilleadh ar dhá cheist atá gar don chroí.

Mar gheall ar Pharlaimint na Breataine a dhíscor, de réir cosúlachtaí, cuirfear gach píosa reachtaíochta atá ar na bacáin ó mhaith.

Gach bille os comhair na parlaiminte faoi láthair, cuirfear ar ceall iad, agus tá dhá bhille beartaithe a bhaineann linne sna Sé Chontae: ceann amháin ag plé leis an chomhionnanas pósta, agus ceann eile a bhaineann le cearta athghiniúna na mban.

Thig linn go cinnte slán a fhágáil leo siúd.

Ach nach cuma, a fhad agus go bhfuil an ceart againn pásanna faoi chlúdaigh ghorma a bheith againn, agus go mbeidh ár gcuid scadán ní hamháin leasaithe, ach leasaithe agus de bhunadh fharraigí na Breataine chomh maith.

Ar bhealach, bheadh seo uilig greannmhar agus ina ábhar breá scigmhagaidh, muna mbeadh sé chomh dáiríre sin.

Close
Close