Sean-Nós na Fearsaide

Thit an fhéile bhliantúil Sean Nós na Fearsaide amach ar na mallaibh in Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste.

D’oibrigh siad i gcomhpháirtíocht le hOireachtas na Gaeilge chun buaiteoirí an Oireachtais 2017 a thabhairt go dtí an chathair.

Deireadh seachtaine bríomhar a bhí ann agus den cheád uair riamh bhí comórtas sean-nóis ar siúl; Corn Cuimhneacháin Uí Chriagáin, a thóg Éabha Ní Mhuineacháin abhaile léi.

Labhair Meon Eile léi, le Dominic Mac Giolla Bhríde, le Felimí Ó Conchubhair agus le hoifigeach de chuid Áras Mhic Reachtain, Daithí Mac Uait, faoin chomórtas agus faoin deireadh seachtaine ceolmhar seo.

Close
Close