Roghanna táirgí don mhíostrú

Katie McGreal

Tá táirgí atá dírithe ar mhná sna siopaí níos costasaí ná na táirgí céanna atá ann d’fhir. Bíodh sin foltfholcadh, rasúir, éadaí, bróga agus eile.

Chomh maith leis sin, uair sa mhí bíonn ar mhná táirgí a cheannach don mhíostrú, airgead nach gá d'fhir a chaitheamh.

Bíonn ort rudaí áirithe a fháil don am sin - pillíní nó súitín sláintíoch don fhuil, drugaí le cabhrú leis an bpian agus seacláid díreach toisc go gcabhraíonn seacláid le gach rud!

Faoi láthair, tá an-chuid cainte ann faoi bhruscar. Táthar ag rá go gcaithfimid gearradh siar ar an méid bruscair a chuireann muid sna boscaí bruscair. 

Le blianta beaga anuas atá roghanna in-athúsáidte ann don mhíostrú.

Seo roinnt de na táirgí sin:

Le blianta beaga anuas tá cupán míostraithe á úsáid agam. Is cupán beag é seo a dhéantar as sileacan. Mhol cara dom é a thriail agus tá mé á úsáid ó shin. Tá sé bog le mothú agus bogann sé le do chorp. Cuireann tú isteach é ag tús an lae nó ag tús na hoíche agus ní bhíonn ort é a athrú ar feadh suas go 12 uair an chloig. Nuair a ghlacann tú amach é caitheann tú an fhuil síos an leithreas, glanann tú é le huisce agus cuireann tú isteach arís é. Deir cairde liom go laghdaíonn sé pianta míostraithe dóibh freisin. Níor thug mé sin faoi dheara mé féin ach ó gur thosaigh mé á úsáid, tá níos mó aithne agam ar mo chorp féin, rud atá iontach maith!

An dara táirge atá agam ná pillín sláintíoch in-athúsáidte. Chuala mé trácht orthu tamall ó shin agus díreach le cúpla mí anuas bheartaigh mé triail a bhaint astu. Is breá liom iad! Cheannaigh mé cúpla ceann ó chomhlacht ar líne agus tá siad an-éasca le húsáid. An t-aon difear leo ná go gcaithfidh tú iad a ní ach tá sin an-éasca. Fágann tú in uisce iad ar feadh uaire nó mar sin agus ansin cuireann tú isteach sa mheaisín níocháin iad le do ghnáthéadaí. Molfainn iad go hard na spéire!

Táirge in-athúsáide eile atá ná an spúinse farraige. Úsáidtear seo sa bhealach céanna go n-úsáideann tú súitín. Cuireann tú in uisce é ar feadh nóiméid le go mbeidh sé bog go leor duit agus ansin cuireann tú isteach é. Baineann tú amach é i ndiaidh roinnt uaireanta agus níonn tú é.

Tá fo-bhríste ar fáil anois freisin is féidir leat a chaitheamh agus an míostrú agat agus coinníonn siad an fhuil ar fad istigh. Oibríonn siad sa bhealach céanna is go n-oibríonn na pillín in-athúsáidte – cuireann tú san inneall níocháin iad nuair atá siad salach.

Cé go mbíonn na táirgí seo costasach nuair a cheanann tú iad a chéaduair, san fhadtéarma tá siad níos saoire ná táirgí nua a cheannach gach mí. Buntaiste eile atá ag baint leo ná go bhfuil siad níos sláintiúla do do chorp féin.

Úsáidann an-chuid comhlachtaí tuarthóir agus go leor ceimiceán sna táirgí aon-úsáide. Tá ceimiceáin go holc duit go ginearálta ach tá craiceann iontach bog againn ar ár bhfaighin agus níor cheart rudaí mar sin a bheith cóngarach di!

Close
Close