Riail dhíreach fhíorúil

Ciarán Ó Pronntaigh

Buiséad brúidiúil a tugadh ar an bhuiséad a thug an státrúnaí Chris Heaton-Harris isteach an tseachtain seo a chuaigh thart. Bhronn sé idir chiorruithe agus reo maoinithe orainn agus go bunúsach, nigh sé a lámha agus shiúil leis.

Cé nach bhfuil rudaí chomh holc is a maíodh roimh ré, agus go deimhin, bhí an tuar thar a bheith damanta, ní haon chúiteamh é sin do na daoine atá ag fulaingt anois. Taobh amuigh den tsláinte agus den bhonneagar, beidh níos lú airgid ar fáil do na ranna stáit eile. Fiú an ‘reo’ sa mhaoiniú, is geall le ciorrú mór é i bhfianaise an ráta aird boilscithe atá againn. Tá rudaí chomh holc sin go raibh caint ann cúpla lá ó shin ar na soilse sráide a mhúchadh le hairgead a shábháil, éifeacht a bheadh le sonrú ón spás, bíodh geall.

Is é an rud is suaraí faoin leagan amach nua gur fágadh ag na státseirbhísí na ciorruithe a chur i bhfeidhm, rud atá taobh amuigh dá n-údarás, go háirithe má tá polasaí conspóideach i gceist. Tá rogha an dá dhíogha acu: na ciorruithe a chur i bhfeidhm agus cuid den tseirbhís a sholáthar nó éirí as ar fad. Déanfaidh siad a ndícheall, ar ndóigh, ach tiocfaidh an lá, luath nó mall, nuair a dhéanfar an cur chuige seo a thástáil sna cúirteanna. Cleas mífhreagrach ag na Tóraithe. Más gá riail dhíreach a bheith ann bíodh riail dhíreach chuntasach ann ach gan an riail dhíreach fhíorúil seo.

An t-aon ábhar dóchais a bhí sa ráiteas ón státrúnaí, más dóchas é i gceart, nach mbainfí an £300 milliún d’fhiacha amach as an bhuiséad láithreach. Íocfar as na fiacha de réir mar a chuirfear airgead breise ar fáil ó Westminster mar atá leagtha amach i bhFoirmle Barnett. Sna blianta roimhe, bhí Stormont ag brath ar an an mhaoiniú breise seo agus beidh arís. Faoi láthair, tá sraith stailceanna faoi lán seoil agus na hoibrithe sin ag éileamh nach gcreimfear a dtuarastal de bharr boilsciú. Ach mar gheall ar an socrú seo, ní bheidh cead ag na fostóirí stáit ó thuaidh úsáid a bhaint as an airgead breise a chuirfidh Westminster ar fáil leis na haighnis a réiteach i Sasana. Na hoibrithe anseo, mar is gnách, na daoine a bheas thíos.

An sprioc fhadtréimhseach atá ag na Tóraithe go mbeadh an oiread sin brú ar an bhuiséad amach anseo go mbeidh ar an Fheidhmeannas, más ann dó choíche, foinsí ioncaim nua a fháil agus táillí uisce ag barr an liosta.

Tá gné pholaitiúil leis an socrú seo, ar ndóigh. Tá sásamh éigin ann a bheith ag amharc ar na Tóraithe ag dul go crua ar an DUP lena mbrú isteach san Fheidhmeannas. Ná déantar dearmad nár chúlaigh Heaton-Harris ón mhaíomh a rinne sé ag ócáid cheiliúrtha Chomhaontú Aoine an Chéasta gur ag dul i dtreo Éire Aontaithe a bhí lucht an bhaghcait, seachas a mhalairt. Tá cluiche polaitiúil ar siúl agus is cluiche salach é.

Dála an scéil, is íorónta amach gurb é an fáth atá taobh thiar den bhaghcat, dar leis an DUP féin, easpa ionadaíocht dhaonlathach i ndréachtú na ndlíthe Eorpacha a chuirfear i bhfeidhm anseo, go díreach an toradh atá leis an bhaghcat anois agus na cinntí á ndéanamh i Londain.

Ní haon rún é go bhfuil Londain ag caint leis an DUP go príobháideach agus tá ráflaí ann go gcuirfear billiún punt ar fáil mar spreagadh dóibh teacht ar ais, mórán mar an gcéanna leis an socrú a rinne Theresa May ní rófhada ó shin. (Ceist ionraic é seo – cén áit a ndeachaigh an t-airgead sin uilig?). Más sin an réiteach a bheas ann níl sé ar dhóigh ar bith sásúil go gcuirfeadh Westminster pionós ar na daoine is leochailí le go dtabharfadh siad breab don DUP as rud a dhéanamh ba chóir a bheith déanta cibé. Tá blas gránna leis an réiteach sin agus léiríonn sé an leibhéal íseal ag a bhfuil cúrsaí polaitíochta faoi láthair.

Tá rud amháin cinnte faoin bhuiséad nua – fágfar a lán daoine i gcruachás gan aon dóchas go mbeidh faoiseamh acu go luath. Tá cuid de na ciorruithe i bhfeidhm cheana féin agus tá tuilleadh le teacht. Fulaingeoidh daoine go géar ach ní féidir an fhulaingt sin a shonrú ón spás, ná ó Londain ach oiread.

Close
Close