Michelle Nic Pháidín
Tá sé dochreidte, míchothrom agus sáraitheach go dtiocfadh le húdaráis Stáit Aontaithe Mheiriceá sonraí a bhaineann le do chuntais meán sóisialta a lorg sula mbíonn cead agat cos a leagan ar ithir na tíre amach anseo.
De réir pleananna úra atá ar na bacáin, faoi lucht riaracháin Donald Trump, d’fhéadfadh údaráis Mheiriceá sonraí faoi do mheáin shóisialta thar thréimhse cúig bliana a lorg agus tú ag iarraidh dul isteach sa tír.
Dúradh go mbainfí na hiarratais seo le 42 thír a dtig lena saoránaigh dul isteach i SAM gan víosa go dtí seo - Éire, an Ríocht Aontaithe, agus an Fhrainc ina measc. I láthair na huaire is ar ESTA, córas uathoibríoch taistil, a fhaigheann saoránaigh na dtíortha seo isteach i Meiriceá.
Le cois sonraí ó na meáin shóisialta, d’fhéadfaí go mbeadh sé de dhualgas ort seoltaí ríomhphoist a bhí agat thar thréimhse deich mbliana a thabhairt do na húdaráis agus, anuas air sin, sonraí pearsanta a bhaineann le baill teaghlaigh a thabhairt dóibh.
Ní nach ionadh, tá go leor daoine nach bhfuil sásta leis an mholadh seo. Dúirt Barry Andrews, Feisire i bParlaimint na hEorpa, gur moladh áiféiseach atá ann.
Dúirt saineolaí ar chúrsaí cinsireachta i Londain, Jemimah Steinfeld, go bhféadfadh an gníomh féinchinsireacht a chur sa tsiúl san áit a mbeadh imní ar dhaoine rud ar bith diúltach a ráit fá Trump agus fá na daoine a bhfuil baint acu leis ar eagla go dtabharfaí droim láimhe dóibh agus iad ag iarraidh dul chun tíre.
Sílimse go bhfuil i bhfad níos mó i gceist leis an mholadh seo. Níor cheart go mbeadh cead ag duine ar bith lámh a leagan ar do chuid sonraí pearsanta. Is sárú é sin ar chearta daonna ar leibhéal iontach bunúsach, dar liom. Agus is sárú atá ann ar shaoirse cainte lena chois.
Bíonn daoine ar na meáin shóisialta agus bíonn cuntais phríobháideacha acu, agus an ceart sin acu. Cad chuige a mbeadh cead ag údarás ó thír ar bith teacht ar an eolas sin mura bhfuil rud ar bith as casán déanta ag an saoránach sin?
Caidé fá dhaoine a bhfuil fadhbanna meabhairshláinte acu agus a chuireann rudaí ar na meáin nach dtuigeann siad féin? An sin le rá go ndiúltófar cead isteach sa tír dóibh?
Agus, níos mó ná sin, cá stadann seo? Táthar á rá go mbeidh siad ag iarraidh méarlorg agus scanadh imrisc amach anseo. Is cuimhin liom an uair dheireanach a raibh mise in Washington gur tógadh méarloirg uaim agus cé gur thuig mé go raibh orm iad a thabhairt bhí glór beag ar chúl m’intinne iontach go deo míshásta.
Níl na sonraí sin ag mo stát féin ach tá siad anois ar chóras Mheiriceá? Dochreidte.
Dá mbeadh a fhios agam go mbeadh orm lorg mo mhéar a fhágáil acu ní rachainn isteach sa tír ar ór na cruinne mar is liom féin iad agus ní raibh rud ar bith déanta agamsa as an cheart. Dá mbeadh sé le déanamh agam arís ní rachainn ann agus ag an am ní raibh mé ach ag eitilt fríd.
Deir Trump gur ar mhaithe le cúrsaí slándála atá sé á dhéanamh. Má tá an oiread sin suime ag an fhear chéanna i gcúrsaí slándála cad chuige nach gcuireann sé stop le daoine a bheith ag ceannacht agus ag díol gunnaí? De réir sonraí ó Everytown for Gun Safety maraíodh 49 duine ar láithreacha scoile in 2025, agus níl ann sin ach bliain amháin.
Dar ndóigh, tá sé cineál amhrasach nach ndearna sé féin nó a fhoireann súil a chaitheamh thar an reachtaíocht a bhaineann le húinéireacht gunnaí i Meiriceá i ndiaidh iarracht a bheith déanta é a scaoileadh.
Is cinnte nach mise amháin a mbeadh fadhbanna acu leis an tseafóid seo agus níl dabht ar bith ann ach má leanann sé ar aghaidh leis go mbeadh go leor daoine nach rachaidh go SAM.
Cé go mbeidh impleachtaí diúltacha ag a leithéid ar chúrsaí eacnamaíochta ar fud an domhain, is cinnte go mbeidh níos mó tionchair aige ar Mheiriceá féin, ar a mhuintir agus ar a gheilleagar.
Deir siad go minic má tá tú ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil ar dhuine, dírigh ar an rud is ansa leo, agus níl aon amhras ann ach gurb an t-airgead an rí ag Trump.



