Aodhán Ó Baoill
Is minic a tharlaíonn sé go dtugtar cuairt ar áit a bhfeictear go minic ar an teilifís nó ar scannáin, agus go ligtear síos thú nó tarlaíonn sé nach bhfuil an áit mar a bhí tú ag dúil leis. Tharla sé dom le háiteacha eile san am a chuaigh thart.
Mar sin ba le dóchas féinmhaolaithe a thug mé féin, Bríd agus mo dheartháir, Connor, cuairt ar an Mhórsceir Bhacainneach. Ó bhí muid uilig beag bídeach agus ag amharc ar aistear Marlin, Dory agus Nemo, b’áit í seo a raibh muid ag iarraidh cuairt a thabhairt uirthi.
Is féidir ceantair na Mórsceire a bhaint amach ó chuid mhaith áiteanna ar oirchósta na hAstráile, ach d’eitil muidne go baile beag darb ainm Cairns agus thiomáin muid uair a chloig go háit a gcuirtear Port Douglas uirthi, ach is é Jabulkanji an fíorainm dúchasach atá ar an cheantar. Chuaigh muid amach ar bhád ó ché an bhaile thart fá uair go leith le bruach na mórsceire a bhaint amach. Turas snorcail lae a bhí ann.
Tá sí ar an struchtúr bheo is mó ar domhan, a chlúdaíonn thart ar 344,000 ciliméadar cearnach, agus meastar go dtéann a fréamhacha siar 600,000 bliain.
Agus na dathanna! Bhí sé amhail is go raibh muid i gclár de chuid David Attenborough. Achan áit ar amharc tú uirthi, bhí rud éigin úr le feiceáil. Bhí éisc de gach cineál ann, sceireanna éagsúla, portáin, smugairlí róin, achan chineál ruda! Ach ba chinnte go raibh an dá shiorc a chonaic muid ar na rudaí ba speisialta. Deirtear leat ar an bhád roimh dhul isteach duit comhartha a dhéanamh le do chuid lámha má fheiceann tú siorc nó turtar nó ainmhí mór mar sin. Ní mar gur i gcontúirt atá tú má tharlaíonn a leithéid, ach a mhalairt! Is mian leis na bitheolaithe mara na hainmhithe seo a fheiceáil, agus deir siad nach mbeidh na hainmhithe féin ag iarraidh a theacht cóngarach duit ar chor ar bith. Agus sin go díreach mar a tharla sé.
Bhí mise ag snorcláil liom le mo cheann san fharraige, nuair a chonaic mé an créatúr liath seo ag bogadh fúm. D’amharc mé anuas air agus fríd an ghorm tháinig siorc sceire le barr bán amach. Bhí sé speisialta ar fad. Shnámh sé díreach fúm agus faoi Bhríd agus Connor. Ní itheann na siorcanna seo ach éisc bheaga, níl dúil ar bith acu i rudaí móra. Ach pribhléid agus onóir a bhí ann ainmhí mar seo a fheiceáil ina thimpeallacht dúchasach.
Thug duine de na treoraithe caint thar a bheith suimiúil ag am lóin chomh maith. Dhírigh sí ar thábhacht na mórsceire don domhan uilig go léir, agus mhínigh sí go bhfuil ról le himirt againn uilig i gcothú agus i gcosaint na háite seo. Rud nár thuig mé chomh maith a mhínigh sí ná gur féidir le sceireanna teacht slán arís as an tuaradh a tharlaíonn daofa. Anois bíonn obair i gceist leis sin ach tarlaíonn sé! B’ábhar dóchais sin dom nó go raibh mé i ndiaidh an oiread pictiúr a fheiceáil de sceireanna scriosta de bharr tuartha. Ba léir go raibh grá as cuimse aici don dúlra agus don obair a dhéanann sí féin.
Chuaigh an t-eispéireas go mór i bhfeidhm orm mar cheann de na rudaí is speisialta agus is luachmhaire atá déanta agam riamh roimhe. Níor lig sé síos mé ar chor ar bith, agus mholfainn é go hard na spéire do dhuine ar bith a thugann cuairt ar an Astráil.



