Go leor athraithe ag an “réabhlóid chiúin”

Micheál Ó Leidhin

“Réabhlóid chiúin” a thug an Taoiseach Leo Varadkar air ach aon duine a bhí i láthair ag Caisleán Bhaile Átha Cliath nuair a fógraíodh toradh an reifrinn cheapfaidís go raibh dul amú air.

Bhí clós an chaisleáin lán go béal agus ba dheacair gan an lúcháir agus an chaithréim ó lucht na haisghairme a thabhairt faoi deara.

Ainneoin na téise ón Taoiseach níos luaithe sa tseachtain gur ceiliúradh discréideach a bheadh ann sa chás ina n-éireodh leis an reifreann, ní raibh an slua a bhí i láthair ar an tuiscint chéanna agus ní raibh aon srian orthu ó thaobh an cheiliúrtha de.

Bhíos sa láthair chéanna don cheiliúradh trí bliana ó shin don reifreann ar an gcomhionannas pósta agus cé go bhféadfaí a mhaíomh go raibh an ceiliúradh sin ábhairín níos ildaite agus ábhairín níos glóraí, ní dheachaigh sé amú orm gur mó a chuaigh an toradh seo i bhfeidhm ar lucht na páirte.

Bhí níos mó ná faoiseamh i gceist dóibh, ba dheacair ag cuid acu a gcuid mothúchán a cheansú.

Níor cheart a chur i leith lucht na caithréime gur ag ceiliúradh ar son an ghinmhillte a bhí siad ach ba léir uathu siúd ar labhair mise leo gur geall le saoradh a bhí i gceist le toradh an reifrinn dóibh.

Má bhí dul amú ar aon duine faoi chomh suntasach is a bhí an toradh, níor ghá dóibh ach suntas a thabhairt do líon na meán idirnáisiúnta a bhí i láthair an chaisleáin.

Bhí iriseoirí agus criúnna teilifíse as gach tír san Eoraip nach mór mar aon le tíortha níos faide i gcéin i láthair.

Gan dabht, bhí a gcuid tíopaí faoi thírín beag s’againne ar láimh acu leis agus is mó cur síos a chuala faoi Éire na gCaitliceach ag fágáil chuing na daoirse ina diaidh agus ag dul i dtreo na nua-aimsearthais.

Léamh simplí, gan amhras, is ea é sin ar thír a bhfuil dlíthe athraithe aici le blianta beaga anuas ar chearta trasinscne agus ar phósadh comhghnéis agus a bhfuil Taoiseach aerach i bhfeighil uirthi.  

Cé go raibh súil ann ag druidim leis na laethanta deiridh go n-éireodh leis an aisghairm, ní fhéadfaí tuar a dhéanamh ar chomh mór is a bhí an toradh deiridh.

Léirigh pobalbhreith i ndiaidh pobalbhreithe go raibh goile i measc an phobail an srian a bhí ar an nginmhilleadh sa tír a fhuascailt ach ní fhéadfaí a bheith cinnte go raibh an ghoile céanna don dlí a bhí beartaithe ag an rialtas a thabhairt isteach.

Is mó eolas spéisiúil a fuarthas ó na pobalbhreitheanna a rinne RTÉ agus an Irish Times i ndiaidh na vótála.

Thug na pobalbhreitheanna sin cuid mhaith eolais dúinn faoin áit a raibh an lucht vótála ar an gceist leochaileach seo agus cén uair ar shocraigh siad an cheist ina n-intinn féin.

Mar shampla, i gcás phobalbhreith RTÉ, ní dúirt ach 12% dóibh siúd ar cuireadh ceist orthu gur tháinig siad ar a n-intinn féin faoin gceist le linn an fheachtais féin.

75% a dúirt go raibh a fhios acu i gcónaí cén tuairim a bhí acu faoin Ochtú Leasú.

Má fhéachtar ar an mbriseadh síos idir na réigiúin agus go raibh ceantair thuaithe agus uirbeacha mórán ar aon fhocal ar son aisghairme, tugtar le fios go raibh an pobal socraithe ar an gceist i bhfad sular tháinig an lucht stocaireachta ag bualadh ar a ndoirse in aon chor.

Ní mór a rá go bhfuil creidiúint ag dul don Iar-Thaoiseach, Enda Kenny, as an mbóthar a ullmhú don reifreann.

Bhúnaigh seisean an Tionól Saoránach, a bhí ionadaíoch cuid mhaith ar an bpobal vótála, a phléigh ceist an ghinmhillte go grinn.

Chuala siad ó shaineolaithe leighis, dlí, meabhairshláinte agus eile a rinne cur síos go mion ar an Ochtú Leasú agus na himpleachtaí a bheadh ann lena bhaint den Bhunreacht.

Chiallaigh sé sin go raibh an comhrá tosnaithe i measc an phobail agus nach bhféadfadh an t-aos polaitiúil teitheadh óna gcuid dualgas a thuilleadh.

Is iomaí comparáid atá déanta idir an cur chuige a bhí againne sa tír seo ar an ábhar seo agus cur chuige ár gcomharsana sa Bhreatain ar cheist an Imeachta ón Aontas Eorpach.

Ní fhéadfaí a shéanadh gur dea-chleachtas daonlathach atá ann dianscagadh a dhéanamh ar cheist ar bith a chuirtear os comhair an phobail.

Tá impleachtaí go fadtéarmach ag rud ar bith a athraíonn bunreacht na tíre agus ba cheart aon chinneadh a dhéantar a bheith bunaithe ar fhíricí, macántacht agus dea-thoil na ndaoine.

Close
Close