Plódú na nOtharlann

Aoileann Ní Chonchubhair

Is banaltra mé sa chóras poiblí le 15 bliain anuas agus is féidir liom a rá nach raibh cúrsaí chomh dona ariamh.

Tá altraí ag tréigean na slí beatha agus an chórais leighis féin ina gcéadta gach bliain toisc droch-choinníollacha oibre.

Agus ag an am céanna tá na hospidéail ag breathnú thar lear le haltraí ó thíortha eachtranacha a mhealladh isteach leis na follúntais seo a líonadh.

Le 10 bliain anuas tá ospidéal á dhúnadh nó á íosghrádú agus tá ionaid speisialtachta á mbailiú le chéille in áit áirithe, rud a chiallaíonn gur gá d'othair – a bhfuil fadhbanna casta acu - taisteal níos faide le cúram cuí a fháil, nó fanacht laethanta nó fiú seachtainí ar aistriú go hotharlann eile.

Fadhb atá déanta míle uair níos measa leis an méid othar ag freastal ar an ionad éigeandála go laethúil, rud a chuireann brú ar leapacha an ospidéil.

Tá cúpla cuis, i mo thuairim, le plódú an ionad éigeandála.

Ní féidir díreach siúl isteach chuig do dhochtúir teaghlaigh níos mó.

Bíonn ort coinne a dhéanamh agus go minic ní don lá céanna a fhaigheann tú é.

Bíonn fadhbanna measartha simplí le socrú ag daoine nach mbíonn de dhíth orthu ach oideas nó x-ghathú is bindealán, ach níl seiribhisí mar sin le fáil go forleathan sa tír ach amhain sna clinicí príobháideacha i gcathracha móra na tíre.

Nuair atá daoine ag fanacht ar thástálacha mar othar lae go minic bíonn moill ar dháta a fháil.

Éiríonn daoine mí-fhoighneach agus ceapann daoine áirithe gur féidir dul thar an chóras trí fhreastal ar an ionad éigeandála - go mbeidh ar an gcóras déileáil leo ar an bpointe.

Ar ndóigh cuireann sé seo brú ar na leapacha atá ar fáil agus fad leis an liosta feithimh.

Ó mo thaobhsa ar bharda ginearálta, tá cosint éigin againn ó na huimhreacha breise seo.

Tá cosc ar an méid othar sa bhreis thar líon leapacha an bharda a chuirtear suas chugainn ar thralaí.

I gcás an ionaid éigeandála níl acu ach doras a osclaíonn go huathoibríoch a ligeann gach duine isteach.

Is uallach oibre sa bhreis iad na tralaithe ar na bardaí.

Níl aon phríobháideachas ceart acu.

Níl leithreas in aice láimhe don chuid is mó.

Níl aon áit stórais acu i gcomhair a chuid giúirléidí.

Níos tábhachtaí fós níl pointe oscaigine no súcháin acu.

Níl cloigín acu chun glaoch i comhair cabhrach.

Bíonn na tralaithe iad féin sa mbealach ar leapacha is tralaithe eile a bhíonn ag taisteal suas anuas an pasáiste, agus ar na tralaithe ar a mbíonn béiltí nó táibléidí fiú á ndáilleadh amach.

Rud amháin nach bhfuil soiléir ó na meáin áfach ná go bhfuil aire fós á tabhairt do na hothair seo, cé nach bhfuil siad i 'leaba cheart'.

Tá cógas leighis á fháil acu.

Tá tástálacha á ndéanamh orthu agus eolas á bhailliú le fáthmheas a fháil.

Cinnte tá teorainn leo - mar shampla, ní féidir dul i gcomhair obráide is tú fós ar thralaí, nó le bheith cruinn faoi, ní féidir teacht ar ais ó obráid go tralaí toisc an easpa oscaigine srl. - ach is féidir le hothar teacht is imeacht ón ospidéal gan 'leaba cheart' a fheiceáil agus an cóir leighis chéanna faighte acu.

Mar fhocal scoir, ní réiteach na faidhbe iad na tralaithe agus níl an freagra agam ach an oiread, ach mar oibrí gairmiúil sa chóras sláinte is gá dúinn déileáil leis an othar os ár gcomhair, is cuma cen chaoi a dtagann siad chugainn.

Close
Close