Bob nó bia agus tarraingt Oíche Shamhna

Seán Ó Farraigh

Oíche Shamhna. A luaithe a luaitear an dá fhocal sin san eang tíre seo, tagann an dúrud traidisiún isteach inár n-intinn in áit na mbonn. Cuir i gcás, níl le déanamh ach cuimhneamh ar laethanta órga ár n-óige agus thig linn aghaidh scanrúil phuimcín a fheiceáil ar leac fuinneoige, muid ag tumadh ár n-aghaidh i mbabhlaí móra uisce ar son úll agus muid ag spaisteoireacht linn ag cnagadh ar an iliomad doirse ar lorg rudaí deasa milse ónár gcomharsna fiala flaithiúla. 

Ní bréag ar bith a rá gur bhain muid a lán suilt as Oíche Shamhna nuair a bhí muid ní b’óige agus na dea-chumhní uilig a chuaigh léi mar fhéile. Mar sin féin, ní foláir dúinn ceist a chur orainn féin; cé go ndearna muid staidéar uirthi ag pointe inteacht inár saol ar an bhunscoil, an bhfuil fíorstair na féile iomráití domhanda seo ar eolas ag an aos óg nó fiú ag daoine fásta ar na saolta seo? 

Féile ársa Cheilteach is ea í Oíche Shamhna, atá corradh agus 2,000 bliain d’aois. Leis na blianta fada áfach, níl inti ach leithscéal chun gléasadh suas agus giota spraoi a bheith againn ach lá den saol, bhí feidhm thábhachtach aici. 

Ba ghnách leis na Ceiltigh ceiliúradh ar an chéad lá de mhí na Samhna, in onóir na bliana nua, lá a d’fhág slán ag laethanta brothallacha séimhe an tsamhraidh agus an fhómhair sular tháinig an geimhreadh duairc conáilte isteach. Bhí sé ar cheann de phríomhfhéilte na gCeilteach ach de réir an bhéaloidis agus an tseachais, bhí an-tábhacht go deo ar an oíche roimh ré fosta - Oíche Shamhna. 

B’oíche dhraíochtúil í Oíche Shamhna agus shíl na Ceiltigh gur briseadh na teorainneacha idir an saol seo agus an saol eile le linn na hoíche seo agus go raibh na mairbh in ann pilleadh ar an domhan seo arís fá choinne na hoíche seo amháin. Bíodh sin mar atá, daoine siosmaideacha a bhí iontu mar bhí cumaí éagsúla orthu - cailleacha, taibhsí, cait dhubha - agus bhí drochimeacht fúthu, ag céasadh mhuintir an domhain seo le linn an ama seo.

Cheap daoine ag an am sin go mbeadh siad slán sábháilte ó na spioraid osnádúrtha seo dá dtiocfadh leo solas de chineál inteacht a dhéanamh. Is ón smaoineamh seo a d’fhás an nós a bhaineann leis an tine chnámh, ceann de na traidisiúin is láidre atá againn go fóill. Caitheadh an iliomad rudaí i gcarn, ainmhithe san áireamh. Cuireadh trí thine iad chun scéin a chur sna spioraid agus chun iad a dhíbirt ar an toirt. Ar eagla na heagla, ghléas daoine suas fosta sa dóigh is nach mbeadh an chuma chéanna orthu dá mbainfeadh na mairbh an saol seo amach. Is uaidh seo a tháinig nós na bréigéide.

Ceiliúrtar Oíche Shamhna i dtíortha éagsúla i gcéin agus i gcóngar. Cé go gcuireann gach tír béim inteacht ar nósanna áirithe, tá cúpla nós ann atá láidir i ngach áit. Mar shampla, an nós ‘Bob nó Bia’, nuair a théann na páistí thart ag cnagadh ar dhoirse timpeall na comharsanachta ar lorg milseán agus seacláide. Cuireadh tús leis an nós seo nuair a d’fhág na Ceiltigh bia amuigh do na spioraid chun iad a shásamh agus le cinntiú nach mbeadh aon mhí-ádh orthu. Sa lá atá inniu ann, deir an t-uafás daoine gur nós díchéillí é seo agus nach bhfuil mórán de bhaint aige le hOíche Shamhna a thuilleadh. An méid sin ráite, is léir go raibh dlúthcheangal ann i dtólamh idir bia agus an fhéile seo in Éirinn, go háirithe faoin tuath.

Bhí cúpla tagairt shuimiúil ag Seán Bán Mac Meanman ina leabhar An Tríú Mám maidir leis an nasc seo. Má bhí pianta uafásacha i gcnámha duine, ní raibh ach rud amháin le déanamh aige agus bheadh sé i gcéart “Préata nach dtáinig meath air a thógáil as an talamh Oíche Shamhna, é a ní go maith is a iompar ina phóca. Leigheasfadh sin é agus ní thiocfadh na scoilteacha air ní ba mhó go gcailleadh sé an préata” (Mac Meanman, 1992, 50). Ina theannta sin, ba ghnách le daoine cál (a bhí gann ag an am) a ithe ar Lá Samhna ach scaipeadh na píosaí ar Oíche Shamhna. Bhí seanfhear agus triúr gasúr óg ag dul ó theach go teach, ag fágáil na bpíosaí cál taobh amuigh den doras. Dúirt an seanfhear an rud céanna trí huaire “Síocháin Dé chugaibh! Seo chugainn an tSamhain” agus bhí ar na daoine taobh istigh den teach a rá “Go mbeirimid beo ar an am seo arís!” (Mac Meanman, 1992, 48). Mura dúradh seo trí huaire, bhí iarmhairtí marfacha ann “Chuirfeadh sé fear chun na cille agus mart chun na scine” (Mac Meanman, 1992, 48).    

Is mór an trua é nach mbeidh áiméar ag na tachráin ar fud na cruinne tabhairt faoin deasghnáth bliantúil seo (Bob nó Bia) i mbliana ach ar an drochuair, níl neart againn air! A fhad is go bhfuil an coróinvíreas inár measc, is éigean dúinn a bheith ciallmhar chun muid féin agus gach duine timpeall orainn a chosaint.

Dála a lán daoine eile, tá áit ar leith i mo chroí d’Oíche Shamhna agus tá urraim agam di go fóill. B’fhéidir gur i ngan fhios dúinn, ach tá sean-nósanna na gCeilteach go fóill bríomhar agus muid ag ceiliúradh ar an 31 de mhí Dheireadh Fómhair. Tá rian le feiceáil idir an sean agus an nua i gcás Oíche Shamhna, a léiríonn go bhfuil seans láidir ann go bhfuil todhchaí dhearfach i ndán di as seo amach.

Close
Close