Mise, Mí-eagraithe

Michaeline Donnelly

Do mo bhreithlá anuraidh cheannaigh cara de mo chuid leabhar dom – ‘The Life Changing Magic of Tidying’ le Marie Kondo.

Ar athraigh sé mo shaol? Níor athraigh!

Shíl an cara go raibh seo thar a bheith greannmhar.

Shíl cara eile linn go gcuirfeadh sé isteach go mór orm. Ach níor chuir.

Tuigim go rímhaith cad é an cineál duine mé – níor cuireadh ‘Messy Michaeline’ orm gan chúis.

Tá taithí ag an chéad chara a bheith ag obair liom, agus tá sé feichte aige an droch-chaoi a bheadh ar dheasc s’agam ag deireadh an lae (agus i gcónaí, má tá mé ionraic).

Is cuma cá mhéad uair a ndearna mé iarracht í a ghlanadh, agus fáil réidh leis an tranglam, d’éirigh mé gafa i lár an ruda agus bheadh an deasc naoi n-uaire níos measa ná mar a bhí riamh.

Agus mé níos óige, bhí sé de nós agam dea-rúin na hathbhliana a dhéanamh gach uile bhliain ag geallúint go mbeinn níos fearr – níos glaine, níos slachtmhaire, níos eagraithe, níos poncúla.

Ach níor éirigh liom ariamh.

Anois, agus mé ag tarraingt ar mo 30ú bliain tá mé níos compordaí ionam féin.

Déanaim iarracht a bheith in am, ach ’fhad is nach bhfuil prácás s’agamsa ag cur isteach ar dhaoine eile is cuma liom.

Thig liom a bheith eagraithe le rudaí nuair a chaithfidh mé, ach nuair a bheidh mé ar leaba mo bháis (leaba nach ndearna mé an mhaidin sin gach seans), ní dóigh liom go mbeidh aiféala orm nár chaith mé níos mó ama ag glanadh mo dheasca.

Ag dul ar ais chuig Marie Kondo, i measc na comhairle atá aici sa leabhar deir sí gur cheart do na mná an mála láimhe a ghlanadh amach gach oíche.

Déarfainn nach raibh an mála s’agamsa folamh ó fuair mé é i mí na Samhna, agus tá barúil agam go bhfuil seanbhanana ina luí ag an bhun le seachtain anuas.

Deir sí fosta go gcaithfidh tú do lámha a leagan ar gach píosa éadaí atá agat, an ‘sweet spot’ a aimsiú agus ceist a chur ort féin, ‘An spreagann seo sásamh ionam?’

Sweet spot? Sásamh? Dairíre?

Níl mé iomlán cinnte cá háit go díreach a bhfuil an ‘sweet spot’ ar na fobhristí gránna Bridget Jones atá agam, ach tá a fhios agam go cinnte nach spreagann siad sásamh ionam.

Déanta na fírinne bím amhrasach mar gheall ar dhaoine a bhfuil tithe s’acu iomlán glan.

Maidir liom féin, níl an t-am agam le bheith ag glanadh mo sheomra gach cúpla lá – bheadh an t-ádh liom i ndairíre dá mbeadh sé glan cúpla uair sa bhliain!

Is léir domsa nach bhfuil mórán ar siúl i saol Marie Kondo agus a macasamhail nuair atá an t-am acu a bheith ag glanadh ó dhubh go dubh.

B’fhearr liom féin mo chuid ama a chaitheamh ar rudaí níos luachmhaire.

Aontaím leis an rud a dúirt Einstein; “If a cluttered desk is a sign of a cluttered mind, of what, then, is an empty desk a sign?”

Mé féin is Einstein – geniuses le chéile!

Creidim i ndáiríre go bhfuil barraíocht luacha curtha ar dhaoine a bheith eagraithe – cinnte, bíonn cuma mhaith ar an té a bhfuil deasc ghlan acu, ach an gciallaíonn sin go bhfuil níos mó le rá acu, gur fostaithe níos fearr iad, nó gur daoine níos deise iad?

Ní dóigh liom é.

Tá mise bródúil go bhfuil mé in ann a bheith ag obair faoi bhrú, agus cé go bhfuil mo dheasc (agus an deasc ar mo ríomhaire) ina praiseach go fóill, bím in ann rudaí a aimsiú gan aon stró.

Is maith liom bheith ag smaoineamh go bhfuil córas iontach sofaisticiúil ag feidhmiú i mo chloigeann.

Tá taighde ann anois a léiríonn go spreagann timpeallacht oibre mhí-eagraithe cruthaitheacht.

Dar le Eric Abrahamson, Ollamh i Scoil Gnó Columbia, agus údár an leabhair ‘A Perfect Mess’, cruthaíonn deasca atá trína chéile naisc difriúla agus cuireann siad gnéithe éagsúla le chéile ar bhealaí nua agus nuálacha.

Creidtear fosta go bhfuil structúr loighciúil leo, go dtagann na rudaí is tábhachtaí chuig an bharr, cé nach bhfuil seo le feiceáil i gcónaí.

Níl mé ag dul éirí as na deá-rúin go fóill (tá dóchas agam go fóill go mbeidh mé in am do rudaí am éigin in 2020), ach as seo amach beidh mé sásta a admháil gur duine mí-eagraithe mé.

Is cuma cá mhéad uair a n-aimsím na sweet spots ar na héadaí, agus cén sórt feng shui atá i bhfeidhm sa seomra, dá dtiocfadh liom an t-urlár a fheiceáil ann bheadh sin ina thúsphointe!

Close
Close