Mí Feasachta i leith Abhcachta

Mí Feasachta ar Abhcacht (Dwarfism Awareness Month) atá ann sa tuaisceart faoi láthair.

Tá níos mó ná 300 cineál éagsúil abhcachta ann agus is í gearrghéagacht, nó acondrapláise, an saghas is coitanta.

De réir na carthanachta Achondroplasia UK bíonn acondrapláise ar idir duine i ngach 25,000 agus duine i ngach 40,000 den phobal.

Is í acondrapláise atá ar Grace Nic Domhnaill, iardhalta de chuid Choláiste Feirste.

Agus Grace ina páiste mhol siceolaí oideachasúil do thuismitheoirí s’aici í a chur chuig scoil speisialta ach dhiúltaigh siad don chomhairle.

Seo léargas ar an oideachas a fuair sí agus ar a cuid misnigh - agus misneach daoine eile thart uirthi - a choinnigh í ag dul ar an aistear seo.

Close
Close