Is gá Airbnb a rialú

Colm Duffin

Eitiltí curtha in áirithe? Tic. Víosa faoi réir? Tic. Sceideal na saoire socraithe...bhuel leathshocraithe cá bith. Tic. Galún d’uachtar gréine. Tic.

Sin agat an t-ullmhúchán a rinne mé agus mé ag tabhairt faoi thuras saoire go Meiriceá cúpla bliain ó shin. Saoire bhreá i Meiriceá ullmhaithe agus gan le déanamh ansin ach lóistín a shocrú.

Bhí go maith agus ní raibh go holc.

Shíl muid go raibh go leor ama againn chuige sin agus chuir muid ar an mhéar fhada ar fad é dá réir – agus féach nár phléisiúrtha a bheith ag amharc ar ghrianghraif áille ar Google de na háiteanna a mbeadh triall againn orthu ná a bheith ag iarraidh dul sa tóir ar lóistín!

Ach ba dhaor agus ba chostasach an mhéar fhada í nó bhí praghsanna i ndiaidh méadú as cuimse agus shíl muid go raibh muid i bponc ceart agus an tsaoire ag druidim linn.

Ach nach iontach mar a réitíonn cupán tae go leor fadhbanna!

Tharla mé ag caint le cara faoinár saoire agus faoin deacracht a bhí againn lóistín a fháil.

“Cad chuige” arsa seisean “nach mbainfeá triail as Airbnb? D’úsáid mé féin é agus tá sé go hiontach.”

Anois, caithfidh mé a admháil nár chuala mé iomrá ar Airbnb riamh roimhe sin. Cén difear idir é agus gnáthleaba agus bricfeasta?

Ba ghearr go raibh an freagra sin agam. Lóistín ar fud an domhain – ó Nua-Eabhrac go Cairlinn. Neart léirmheasanna ó thurasóirí eile, rud a fhágann gur muiníní thú as caighdeán an lóistín féin.

Ach na seomraí iad féin? Seoda de sheomraí! Ní hamháin go raibh lóistín na saoire sin á shocrú agam, ach tharraing mé léarscáil chugam féin féachaint cá háit eile a dtiocfadh liom dul ar Airbnb!

Luamh cois farraige san Astráil? Anonn leat!

Teach bambú i ngleann abhann de chuid Bali? £35 an duine!

Caisleán maorga de chuid an 15ú céad i nGaillimh? Buail an bóthar siar!

Ba ghearr go raibh lóistín faighte againn agus muid réidh le tabhairt faoinár dturas i gceart faoi dheireadh thiar.

Agus is maith mar a rinne muid, nó cuireadh fáilte mhór chroíúil romhainn san Airbnb ina raibh muid ag stopadh.

Bhí mé chomh tógtha sin leis go bhfuil mé i ndiaidh Airbnb a úsáid i gcathracha eile ó Dhoire go Barcelona agus tá rud amháin a bhaineann leo ar fad a fhaigheann bua ar ghnáthlóistín.

Nó, ní gnáthsheomraí leapa amháin a chuirtear ar fáil - dar liom go bhfuil níos mó i gceist le Airbnb ná go díreach lóistín ar chostas íseal nó lóistín atá lonnaithe in áiteanna iontacha a chur ar fáil.

De réir mo thaithí féin, is daoine a bhfuil dúil acu féin sa taisteal a bhíonn ina mbun agus a thuigeann do chás mar thurasóir. Gheobhaidh tú moltaí maithe faoi na bialanna is deise agus is saoire, faoi na háiteanna is fearr agus faoi sheoda na háite nach eol do chách. Agus de ghnáth is daoine iad a bhfuil scéalta iontacha taistil dá gcuid féin le roinnt acu agus ar mian leo scéalta a roinnt le chéile.

Chas mé le ceoltóirí, ealaíontóirí, buscálaithe agus le fear amháin a chuir bail ar bhallóg de chaisleán agus a rinne cónaí ann.

Is gréasán mór é de thaistealaithe atá ag iarraidh cuidiú le taistealaithe eile.

Admhaím, áfach gur doiligh cuid den cháineadh atá á dhéanamh ar Airbnb ar na saolta seo a shéanadh. Bunaíodh i mí Lúnasa 2008 é agus tá fás as cuimse tagtha air ó shin. Cuirtear ina leith, gur gnó ceart anois é ag cuid mhór de na daoine ar leo na tithe ar Airbnb.

Is luachmhaire anois mar mhargadh é Airbnb ná an margadh cíosa fhadtéarmaigh ag an té ar mhaith leis a theach a ligean ar cíos agus tá go leor tiarnaí talún i ndiaidh a gcúl a thabhairt don mhargadh cíosa fhadtéarmaigh agus atá anois ag cur fúthu i margadh agus i bpálás Airbnb dá réir.

Thug an Social Science Research Network le fios i suirbhé a rinne sé ar fud Mheiriceá, go dtagann méadú 0.42% ar phraghsanna an chíosa agus méadú 0.76% ar phraghsanna na dtithe nuair a thagann méadú 10% ar líon na seomraí a liostaítear ar Airbnb.

Is beag an tsuim é 0.42% nó 0.76% i dtaca le holc agus ná déantar dearmad gur tháinig méadú 101% ar lóistín Airbnb in Iarthuaisceart na hÉireann in 2017. Is mór iad na suimeanna beaga sin le chéile agus is iad muintir na háite féin atá thíos leis.

Ní hamháin go gcuirtear le praghas an chíosa ach tá muintir na háite féin á ruaigeadh as a gceantair dhúchais agus iad ag díol a dtithe le tiarnaí talún cíocracha Airbnb. Tugadh le fios le déanaí mar shampla go bhfuil roinnt tiarnaí talún Airbnb i mBaile Átha Cliath ag saothrú os cionn €100,000 in aghaidh na bliana.

Is gá córas Airbnb a rialú ar bhealach níos fearr, níos cuimsithí agus níos cothroime. Agus níl tionscal na turasóireachta féin saor ó locht agus brú níos mó ná riamh á chur ar cheantair chlúiteacha ar fud an domhain ar a mhéad atá de thurasóirí na laethanta seo.

Ach dá mbeadh rialú ceart orthu beirt, thiocfadh linn ar fad imeacht le hAirbnb an tsaoil.

Close
Close