Keir Thuathail ceart

Somhairle Mag Uidhir

Thosaigh a ré le tromlach stairiúil. Rinneadh léirscrios ar na Coimeádaigh agus tháinig sé i dtír ar an ollphrácás a rinne siad de shochaí na Breataine. Faraor, ba ghairid an bóthar ó Starmer an slánaitheoir go dtí Keir thuathail ceart.

Céad slán leat, a iar-dhlíodóir cearta daonna uasail. Thug tú lántacaíocht ábhartha d'Iosrael fad is a bhí siad i mbun an chinedhíothaithe sa Phalaistín.

Gach rath ort, a cheannródaí umhail a mhaígh go mbeadh an cothromas i gcroílár do cheannaireachta. Throid tú go fíochmhar in éadan deireadh a chur leis an teorainn dhá leanbh ar an liúntas sochair, agus rinne tú gach iarracht ciorruithe a chur i bhfeidhm ar íocaíochtaí breosla geimhridh agus ar íocaíochtaí do dhaoine faoi mhíchumas.

Cronófar thú, a státaire chomhbhách. Reachtaigh tú roinnt de na dlíthe ba fhorlámhaí dá bhfuil feicthe sa Bhreatain le fada an lá, chúisigh tú daoine óga as ucht iarraidh stop a chur le cinedhíothú, agus d'eagraigh tú blitz breá samhraidh de ruathair fhoréigneacha dírithe ar inimircigh agus tú ag iarraidh feisteas Farage a chaitheamh tú féin.

Go n-éirí leat, a Starmer na siosmaide, an t-aon duine fásta amháin i ndomhan polaitiúil lán bómán. Beag beann ar achan rabhadh, sheas tú le Mandelson, agus ní gá níos mó ná sin a rá.

“Only the cliché flourishes.” – Hilary Mantel ag scríobh di ina húrscéal faoi réabhlóid na Fraince, í ag cur síos ar thréimhse ina raibh Páras trí chéile. Is líne é a ritheann liom go minic agus bata is bóthar de shórt éigin tugtha do pholaiteoir mór le rá, bíonn sórt moladh marbh ar leith ann dóibh.

I gcás Sir Keir, tá aidiachtaí plámásacha go síoraí in úsáid ó d'fhógair sé a imeacht: “macánta”, “díograiseach”, “ionracas”, srl.

Ach níor chuir Starmer fiacail ann nuair a d'aontaigh sé go raibh sé de cheart ag Iosrael uisce agus aibhléis mhuintir Gaza a “mhúchadh”. Ní mór dúinne a bheith chomh neamhbhalbh céanna. Ba Phríomh-aire de chuid na heite deise fríd is fríd é; seal beag cruálach faoi mhaise ag cultacha agus óráidí liatha.

Gheall sé athrú, ach lean sé de phatrún na dTóraithe, ag tarraingt na gcreatlaí sóisialta as a chéile.

Ach bhí freagra ullmhaithe ag Keir ar an líomhain sin óna chéad aitheasc in Uimhir a 10: “Tá srian ar an méid is féidir linn a dhéanamh.” Buntáiste amháin le Soiscéal Starmer: bhí sé furast a thuigbheáil.

Ba léir go mbeadh an toradh seo ar chúrsaí. Tá cosmhuintir na Breataine i ndiaidh a bheith ag fulaingt faoi bhlianta fada déine, tá an costas maireachtála ag dul in olcas i gcónaí agus tá ciolar chiot déanta de na seirbhísí poiblí. Nuair a dhiúltaíonn ceannaire tíre aon rud suntasach a dhéanamh faoina mhacasamhail, cén t-iontas go mbeadh siad féin agus a rialtas i bponc?

Fear chomh cumasach, de réir dealraimh, cad chuige nár sheachain sé an chríoch seo? Nach gan chiall a bhí sé na beartais a gheall sé sular toghadh é a shéanadh ar bhonn chomh hoscailte, chomh ceanndána sin? Ach mar a dúirt an fealsamh Gearmánach Adorno tráth, “ní tréith nádúrtha í an bhómántacht, ach tréith atá ginte agus treisithe go sóisialta.”

Is é sin le rá, cruthaíonn géarchéimeanna gníomhartha agus straitéisí amaideacha. Ach níl an locht ar éinne eile seachas Starmer agus a fhoireann.

Bhí dhá bhealach amach ag Páirtí an Lucht Oibre ón chéad lá: oll-infheistíocht i seirbhísí a mhaoiniú trí iasachtaí ó na margaí, nó níos inbhuanaithe ná sin, rátaí cánach níos airde a ghearradh ar lucht an rachmais. Dhiúltaigh siad don bheirt acu.

Dar le Oxfam, d'fhás maoin bhilliúnaithe na Breataine ag meánráta de £30.3m sa lá in 2025. Tá an Ríocht Aontaithe ar thír de na tíortha is saibhre ar domhan, agus beagnach achan fhadhb a raibh ar Starmer plé leis le linn a ama, bhí sé gafa ag an bhunchinneadh a rinne sé: gan baint de scaipeadh éagothrom na maoine sin.

Chothaigh Keir Starmer folús frustrachais, feirge agus gruaime i measc an phobail a thogh é. Bhí sé ar an chéile comhraic ab fhoirfe amach don ghriogaire slítheánta sin Nigel Farage. A leithéid d'oidhreacht!

Close
Close