Iomrall súl nó iomrall ceartais?

Ciarán Ó Pronntaigh

Sa bhliain 1970, chuir Arm na Breataine cuid de Bhóthar na bhFál faoi chuirfiú. Maraíodh ceathrar ann agus chuir sé scaoll sa phobal. Dá olcas é sin, fuair daoine amach nach raibh de chumhacht acu a leithéid a dhéanamh agus go raibh an cuirfiú féin mídhleathach. Bhí caint ann go mbeadh acht de dhíth le rud a tharla san am a chuaigh thart a dhéanamh dleathach ach, sa deireadh, dúirt cúirt i mBéal Feirste go raibh an cuirfiú dleathach de réir an dlí chomónta.

Ceann de na cumhachtaí a thugann parlaimint Westminster di féin go dtig léi reachtaíocht chúlghabhálach a ritheadh. Amhail is go raibh meaisín ama aici. Sin go díreach an rud atá i gceist le moltaí Boris Johnson agus Rialtas na Breataine le deireadh a chur leis an phróiseas ionchúisimh amach anseo i gcásanna conspóideacha a bhain leis an choimhlint sna sé chontae.

Thiocfadh go mbeadh na céadta cás ann, idir dhaoine a maraíodh agus daoine a gortaíodh. Ar feadh i bhfad, chuir an stát moill ar an phróiseas fiosraithe a bhain le saighdiúirí agus péas trí bhac a chur ar choistí cróinéara agus trí mheicníocht an dlí a úsáid ar a son. Thiocfadh leat an líon saighdiúirí a cúisíodh as dúnmharú le linn na coimhlinte a chuntas ar lámh amháin. ‘An rud a théann i bhfad, téann sé i bhfuaire’ an phaidir atá ag Johnson ach níl sé ar intinn ag dream ar bith de na gaolta atá ag fulaingt go fóill éirí as a gcuid feachtas le teacht ar an fhírinne. Go deimhin, gheall cuid acu go dtabharfar dúshlán dlí i gcoinne cibé reachtaíochta a bheas ann.

Le tamall de bhlianta anuas bhí toradh ar fheachtais na ngaolta. Diaidh ar ndiaidh, bhí an fhírinne ag teacht amach. An leithscéal coiteann a bhí ag an stát go raibh na daoine a maraíodh armtha nó go raibh lámh acu sa choimhlint. Ach thug torthaí chóir a bheith gach ionchoise go dtí seo go raibh na daoine a maraíodh go hiomlán neamhchiontach. Agus má bhí na daoine neamhchiontach, caithfidh go raibh an locht ar fhórsaí an stáit agus ba chóir go mbeadh cás cúirte ann.

Agus sin an fáth a bhfuil lucht iarshaighdiúirí na Breataine ag tafann i gcluas Johnson agus a rialtais. Tá bealach éalaithe furasta uathu. Maíonn Johnson go bhfuil an oiread sin ama dulta tharainn go mbeidh sé dodhéanta teacht ar an fhírinne anois agus gur chóir do na híospartaigh agus do na gaolta gach cás a ligean i ndearmad. Ar chúiseanna difriúla, cháin gach páirtí polaitiúil sa tuaisceart na moltaí seo.

Cé gur díolúine ó ionchúiseamh atá ann ní pardún ginearálta é, dar leis an Rialtas. Ach sin go díreach an rud atá ann. Úsáideann Rialtas na Breataine an mana ‘ionchúisimh chráiteacha’ lena mhaíomh nach bhfuil bunús leis na cásanna sin, rud nach bhfuil fíor. Cén mhaith an dlí a chur ar sheansaighdiúir a rinne a dhiúité agus na ceithre scór bainte amach aige? Cén fheidhm dhlíthiúil a chuirfear i gcrích anois agus cuimhne na bhfinnéithe ag dul i léig, mura bhfuil cuid acu faoin fhód cheana?

Déarfaidh na Tóraithe go bhfuil Johnson ag iarraidh cothrom na féinne a thabhairt d’iarshaighdiúirí nó scaoileadh saor na cimí poblachtacha agus dílseacha i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta. Ach bhí próiseas ann agus ciontaíodh na daoine sin. Cinnte, tá na céadta cás ann ina raibh an tIRA páirteach agus gan aon duine i bpríosún mar gheall orthu ach baineann sin le laige an RUC, ní le pardún. Tá rialtas na Breataine ag iarraidh a mhaíomh gur cogadh a bhí sna trioblóidí nuair a fheileann sé dóibh agus a mhalairt a rá ar ócáidí eile.

Is é an fheidhm is bunúsaí atá ag an dlí i dtír dhaonlathach an duine a chosaint ar dhaoine eile a dhéanfadh dochar dó nó di. Cuid den am, áfach, is iad gníomhairí an stáit a dhéanann an dochar. Is intuigthe go bhfuil fearg ar dhaoine mar gheall ar ghníomhartha brúidiúla a tharla san am a chuaigh thart ach ní ceist stairiúil í seo.

Ceann de na himpleachtaí a ritheann le moltaí Johnson gur mó an seans go dtarlóidh an rud céanna arís. Má sháraítear prionsabal uair amháin, is féidir é a shárú arís eile. Is é fírinne an scéil go gcuireann na moltaí ainnise seo beatha gach duine atá beo inniu i mbaol nó beidh tuiscint ag saighdiúirí go dtabharfaidh an stát cosaint dóibh lá is faide anonn má tá an stát i mbaol. Ábhar machnaimh dúinn uilig an chéad uair eile a bheas saighdiúirí armtha ar na sráideanna.

Close
Close