Gan scáth ón doineann

Gan scáth ón doineann
Gan scáth ón doineann / iStockphoto

Tá cur agus cuiteamh agus go leor cainte déanta ó thús an tsamhraidh shuaraigh seo againn faoin aimsir agus go háirithe faoin easpa gréine agus na bailceanna báistí.

An t-ábhar is mó buartha atá le sonrú anseo nó an gcuirfidh an drochaimsir isteach ar na Cluichí Oilimpeacha, mar a rinneadh le Wimbledon agus an Grand Prix thall i Silverstone ar na mallaibh.

Ábhar buartha go leor do lucht leanúna spóirt is cinnte, ach bhí buaireamh ar fheirmeoirí faoina mbairr chomh maith, agus bhí buaireamh ar lucht timpeallachta faoin tionchar a bheadh ag an aimsir seo ar ainmhithe agus ar an chomhshaol i gcoitinne.

Agus bhí buaireamh orthu siúd a dtáinig tuillte tríd an doras tosaigh acu agus amach an doras cúil a d’fhág na seomraí suí ina slodáin searchais.

Ach suimiúil go leor, níor áirigh mé buaireamh ar bith faoi aicme agus grúpa ar leith, lucht siúil na sráide, iad siúd nach suim leo spóirt nó nach bhfuil d’aithne acu ar an dúlra seachas na francaigh a bhíonn amuigh istoíche, nó an lústrach a fhásann idir na leacacha sráide, agus nach bhfuil idir dhoras tosaigh ná cúil acu ná seomra suí ach an oiread.

Smaoiním ar na daoine seo go minic, mar go bhfeicim go minic iad, anseo i mBéal Feirste.

Tá mé ag tarraingt ar an chathair seo le blianta fada agus tá na daoine seo feiceallach ar fud na cathrach, ach fá Shráid an Chaisleáin i iarthar lár na cathrach ach go háirite.

Bíonn siad ina suí ansin, cuid acu ag ól, cuid acu ina marbhshuan faoi am lóin, gan aithne gan urlabhra.

Bíonn cuid acu cairdiúil, cuid eile bagarthach, cuid acu ag lorg deirce, agus cuid acu agus iad ar nós cuma liom.

Smaoiním orthu nuair a bhíonn sioc agus sneachta ann, stoirm mhór nó, mar a bhí agus a bheidh an samhradh seo, bailceanna fíochmhara fearthainne.

Ach suimiúil nach gcloiseann tú mórán sna meáin fúthu, ní díol suntais iad níos mó, is páirt de throscán sráide agus den ghnáthshaol iad.

Ní chloiseann tú fúthu ach amháin nuair a dhéanfar duine acu a fháil marbh taobh sráide, no mar a tharla roinnt blianta ó shoin nuair a fuair Hugo Brannigan, 62, agus Jim Irvine, 42 bás i dtine sa Morning Star Hostel ar Bhóthar na bhFál i bhFeabhra 2002.

Is annamh a tharlaíonn na rudaí tubaisteacha seo, ach tarlaíonn siad.

Is fíor-annamh nach bhfeiceann tú ar a laghad duine amháin ag siúl i do threo le cneá ar a éadan, loite ag duine dá chomhghleacaithe ar mhaithe le braon fíon úll nó beorach as canna coiteann.

Ní bhacann daoine leo, ach iad a sheachaint b’féidir, nó cúpla bonn a thabhairt dóibh.

Díbríonn lucht siopaí measúla agus tabhairneoirí iad ó dhoras, mar nach tarraingteach an radharc é duine taobh amuidh de do ghnó atá i ndiaidh a mhún a scaoileadh ar na leacacha.

Ach tá grúpaí ann a bhacann leo anseo i mBéal Feirste, grúpaí ar nós an Welcome Centre a chuireann bricfeasta, lón agus dinnéar, áiseanna níocháin agus éadaí glana úra ar fáil dóibh ar bhonn laethúil agus san oíche a théann amach le veáin ag tiomáint thart le cinntiú go bhfuil siad siúd a chodlaíonn amuigh chomh sábháilte agus is féidir.

Tá an obair atá ar siúl acu agus a gcomhghleacaithe sa Morning Star nua inmholta.

Agus ansin tá eagraíocht náisiúnta uile-oileánda agat mar atá an Simon Community.

Níl na heagraíochtaí seo ag cáineadh na ndaoine bochta seo a fágadh ar thaobh sráide mar gheall ar chúinsí áirithe saoil, ach tá siad ag déanamh gnímh.

Mar shampla chuir seachtar Gael as Tír Eoghain tús le feachtas ar na mallaibh chun airgead a thiomsú don Simon Community.

Ó 24 go 28 Iúil ghlac an seachtar cic éirice i gclub i ngach contae in Éirinn mar pháirt dá bhfeachtas ‘32-32-32’.

Sin 32 cic éirice i gclub i ngach contae sa tír, agus iad ag tathaint ar gach club sa tír €32/£32 a thabhairt don Simon Community.

Anois ma ghlacann tú leis go bhfuil tuairim is 2,500 club de chuid Cumann Luthchleas Gael agus má thugann a leath an méid sin, sin a bheag ná a mhór €/£40,000, agus dá dtabharfadh an t-iomlán, bhuel suimigh sin.

Is freagra fiúntach ar cheist shuarach é sna laethanta seo nuair atá ciorraithe airigid á ndéanamh i ngach aird den tír.

Tá na liathróidí ciceáilte acu anois agus d’éirigh go maith leis an chur chuige samhlaíoch a bhí ag an fheachtas ach is féidir tacú leo go fóill ag www.32-32-32.com.

Dónall Mac Giolla Chóill

Close
Close